Cathal Ó Searcaigh
Amhrán na Maidine
Tá gáir chaointe an ghiotair
ar obair
Olagón an áir!
Mar ghloini fíona á mbriseadh
tá an lá ag gealadh
ina smidiríni solais.
Tá grágarsach na bpréachán
i bhfostó i sceadamán
chúng na maidine.
Mar fhear dall sa tsiúl
tá gá gréine ag bacadradh
thar learg an tsléibhe.
Tá gáir chaointe an ghiotáir
ar obair.
Ag caoineadh ár ngrá
nach dtáinig ariamh i mbláth
ar chrainn an ghrá.
Ó,achraobhnan-úlló
Ó, a chraobh na n-úll ó
Ó, a chraobh na n-úll ó
Is tú mo chaomhchruth go brách.
Ach oiread leis na blátha
atá ag feo ar na bánta
ní thig é a shrianadh.
Ach oiread leis an ghealach
atá ag sileadh
ní thig ó a shrianadh.
Ach oiread leis an abha
atá ag caint léithe féin
ní thig é a shrianadh.
Tá gáir chaointe an ghiotáir
ar obair.
Ag caoineadh ár ngrá
nach dtáinig ariamh i mbláth
ar chrainn an ghrá.
Ó, a chraobh na n-úll ó
Ó, a chraobh na n-úll ó
Ó, a chraobh na n-úll ó
Is tú mo chaomhchruth go brách.