Cathal Ó Searcaigh
An Crann ag Caint
Is mise an crann a scriosfar,
a chuirfear ó bhláth, amárach, go brách.
Gearrfar mo mhaorgacht gan trócaire;
Fágfar mo ghéaga spréite
i salachar na sráide –
mo ghéaga téagartha.
Goidfear bláth bán mo gháire.
Scriosfar a bhfuil i dtaiscidh agam
i smior na gcuimhní;
mo chéad deora áthais; mo chéad duilleog dhóchais;
an chéad siolla ceoil a chuisligh i mo ghéaga;
an chéad earrach a chur culaith ghlas orm.
Na scéalta eachtraíochta a tháinig chugam
ó na héanacha; na neadracha a bhláthaigh
faoi chúram craobhach mo shúl;
na stoirmeacha a cheansaigh mé
i mboige mo bhaclainne;
Na páistí a luasc idir an saol agus an tsíoraíocht
i mo chraobhacha; na cogair rúin
a hinseadh domh faoi choim na hoíche;
an ghealach a ghléas mé i lása óir an fhómhair;
na haingle a thuirling orm sa tsneachta.
2
Le teangaidh bhéal-líofa na nduilleog
chosain mé go seasta, colgach,
an spás seo ina mbeathaím;
ina gcraobhscaoilim go machnamhach
na smaointe glasa a thig chugam san earrach.
Le síolta dea-mhéine, chlúdaigh mé
an spás talmhaí seo i mo thimpeall le dearfacht,
mar cheiliúradh ar an spiorad coille
a d’adhmadaigh istigh ionam go teann
agus mé ag teacht i gcrann.
Agus amárach nuair a dhófar mé,
nuair a dhéanfar toit de mo chnámha,
aontóidh mé leis an spéir, an spéir thintrí!
a líon mo shamhlaíocht ó dhubh go dubh
le niamhaireacht, le solas!