Doris Kareva

爱沙尼亚文

Cathal Ó Searcaigh

爱尔兰文

***[Kõikidest valudest]

Kõikidest valudest,
mis meid valdavad,
varem või hiljem
me valime ühe,
millel me laseme
endasse valguda
ning meie vaimu
vormida. See
ongi me saatus,
me enesevalu;
see on me sisim
valu ja vorm.

© Doris Kareva
录制: Eesti Kirjanduse Teabekeskus 2014

***[An Phian]

De na pianta ar fad
a thig orainn, a ghrá,
an léan agus an leatrom
an ciapadh agus an crá
luath nó mall
ar neamhchead chách
roghnaíonn muid
aon phian amháin
agus ligeann muid
don arraing sin
sruthlú isteach ionainn
go huile agus go hiomlán
lenár mbeatha a mhúnlú.
Sin é ár ndán,
ár gcinniúint, an phian sin
a mhúnlaíonn go dian
a bhfuil ionainn
den duine agus den Dia.
Is í an bheoghoin sin
a shocraíonn go deo
cló agus crot ár n-anama.

Aistriú: Cathal Ó Searcaigh