Großes Erwachen

Ich erwache. Alles ringsum erwacht.
Decke, Wand, Türe, Vorhänge, Tische,
der Boden, Stühle erwachen. Wimpern,
Haare, Arme, der Nacken, Rücken,
Bauch, Hüfte, Schenkel, Waden, Gelenke,
Knöchel, Zehen, Nägel, Finger erwachen.
Es erwachen Lippen, Zunge, Gaumen,
das Gähnen, der Bauchnabel, Nasenflügel,
das Bewußtsein erwacht, der Raum, die
Zeit erwachen, alles erwacht. Dinge und
Menschen. Liegen, Sitzen, Stehen, Torkeln,
Halten erwachen. Das Blut erwacht und
der Atem. Der Lichtschalter, Spiegel,
die Blendung, das Zwinkern, Zähne,
Zahnfleisch, Falten, Bart, Unterhose – Penis
und Urin erwachen. Es erwacht ein Fluch,
ein Wort, ein Blick erwachen. Farben.
Beine übereinandergeschlagen, der Brustansatz.
Ein Stück Nacht erwacht und ein Fetzen Traum.

Prag ist erwacht und Rom. Der ganze Balkan
erwacht. Und Afrika erwacht von Süd nach
Nord. Schanghai erwacht nach Peking, aus dem
Schlaf gerüttelt von zitternder Hand. Leningrad
erwachte in einem Zug, auch Stalingrad. Linz
ist erwacht, dann München, Berlin – die ganze
Welt. Niemand schläft. Kein Mensch. Dinge
schlafen nicht. Auch nicht Tiere.
Erwacht ist alles. Nichts das schläft.

Montag, Dienstag, Mittwoch, Donnerstag,
Freitag und Samstag erwachen. Auch
heute und morgen, Hemd und Hosen,
Kaffee, Tee, das Geschirr erwachen.
Gequietsche, Geklirre, Blubbern, Schlurfen
erwachen und Adjektive, Verben im
Indikativ und Konditional. Es erwacht der
Ablativ, Vokativ und jedes Motiv.
Alles ist da – ist wach. Nichts kennt mehr
den Schlaf. Auch er ist erwacht mit dem
Unbewußten und mit den Geheimnissen.
Der Nebel erwacht und die Dämmerung,
der Sonnenschein, Wolken, der Sturm, der
Hurrikan. Treppen erwachen, Straßen
erwachen, Plätze mit Statuen, Kugeln,
Toten und Kanonen, Panzern, Liebespaaren.
Häuser sind erwacht und Kamine, von
Ost nach West mit einem bitteren Geruch.
Antennen erwachen, Nachrichten, Schatten,
Wärme und Kälte. Wasser, Eis, Gase
im Äther und in Lungen. Atome erwachen
und die Radioaktivität. Wahrscheinlichkeit
und Statistiken erwachen zugleich mit allen
Zahlen, Gesetzen, Regeln und Fehlern.

Niemand kann seine Augen schließen.
Alles wird wach. Ob Materie oder Seele,
Engel oder Potentat. Und Wissen erwacht.
Auch das Vergessen und mit ihm
erwacht Erinnerung, Verbrechen,
Grausamkeiten und Freiheit, Neid
und Einsamkeit. Der Rassismus, der
noch schläft erwacht. Sekten, Pamphlete,
Lethe erwachen, Styx und Dante.
Väter erwachen, Mütter, Kinder, Föten,
Spermen, Eizellen, alle Verwandten.
Freunde erwachen, Kränkungen, das
Lachen. Wünsche erwachen, erfüllte
und unerfüllte und wecken Schicksale.
Geweckt werden Katastrophen, Ehen
und ihre Kombinationen. Es erwachen
die Möglichkeiten und Wirklichkeiten.
Es stehen auf Zukunft, Vergangenheit
und Gegenwart, einander gleichgestellt.

Aufgewacht sind auch Laute, Babel
und Sprachen. Gesang und Lieder.
Madrigale. Sonette. Die Oper. Verse.
Alles erwacht unverhofft gerade
jetzt. Strophen erwachen, der Versuch,
der Roman erwachen und Entwürfe.
Allesamt aufgewacht in Bibliotheken,
im Hörer, Leser, Verleger, im Autor –
in Gedanken, auf dem Papier, in Tinte,
Stein, auf kleiner runder Scheibe sind
erwacht die Große Elegie für John Donne,
Gezählte Tage, der Brief an Lord Byron,
der Divan, Spaziergang, die Bukolik,
Epoden und alle Vaginen und Hoden.
Noah erwacht und die Ertrunkenen,
Abraham, Paulus und Saulus erwachen,
David und das Kind. Maria, schwanger
auf der Flucht. Und die fliehenden Völker.
Sie tauchen auf – erwacht wie alle Sklaven
und Sokrates, Platon, Descartes, Spinoza
und Kant, Epikur erwacht auch. Alle Philosophen,
die Ideen erwachen. Ans Licht tritt alles.

Erwacht nach dem langen Schlaf, erwacht
nach kurzem Leben und langem Alter,
erwacht nackt, in Hütten, Stiefeln, im
Feld, Blut, Morast. Erwacht beim Liebesakt.
Erwacht, erwacht, erwacht. Und erwacht.

Aale, Wale, Archeopetrixe sind erwacht,
Schnecken, Schlangen und deren Entwurf.
Dinosaurier erwachen. Die Eis-, Würm-,
Permzeit erwachen – gute und schlechte
Zeiten, die großen Erwartungen erwachen.
Geweckt werden Napoleoniden und jede Krone.
Miles erwacht und Bach, Mozart und Dvoøák.
Jede Schlacht. Vietnam erwacht, Korea,
der Golf, die beiden und alle anderen Kriege.

Du bist erwacht und ich. Und erwacht sind
Planeten, Sterne, Sonnen, Monde, Galaxien
und Universen. Die Alpen, Karpaten, der
Himalaja sind erwacht. Tibet ist erwacht, das
Baskenland, Istrien, Galizien und der Schwarzwald.
Erwacht sind Knossos, Ponpeji, die
Azteken, Inuit und Korsen. Buddhisten
Hindus, Sikhs, Schiiten, Suniten
sind auch erwacht und Christen, Juden und
Schwule, Technokraten, Börsianer,
Zuhälter und Richter, Polizisten und
Lehrer. Alle erwacht, alle ausnahmslos.

Aufgeschreckt sind Schrauben, Bleche,
Reifen, Ziegel, Backsteine, der Beton,
Stahl und Holz. Züge, Flugzeuge,
Auto- und Solarmobile, Fahrräder
Traktoren, Lastwagen, sie alle sind
erwacht. Und Schiffe. Mit ihnen
erwachen Abgase, Unfälle, Steuern,
Einkommen, Reisen, Spesen, Tankstellen,
Flughäfen, Landestege und Havarien,
Öltanker und Flugzeugträger.

Die Welt ist erwacht. Mittag, Nachmittag,
der Morgen, die Dämmerung, die Nacht.
Es erwacht das Einschlafen, Schlummern,
Schnarchen. Der Mond erwacht, Sternschnuppen,
Satelliten, Astronauten und Asteroiden
erwachen. Die Stille erwacht. Erwacht ist
der Lärm. Von Elementarteilchen bis
zu den Augen ist alles offen. Verschlossen
ist nichts, nichts verborgen, nichts
verloren. Alles ist gefunden, erwacht.

Und Gott ist erwacht. Jedes Prinzip. Und Theorien.
Nichts ist tot. Weder Stein, Baum noch
Einfall, Empfindung oder Verdauung
schlafen. Auch Namenloses schläft nicht.

Alles ist da, erwacht, du und ich. Er, sie und
es. Um uns herum, um Dinge und Menschen,
steht das Erwachen, greifbar, sicht- und fühlbar
nah. Vom großen Erwachen erfaßt auch
das Warten, daß der Augenblick ewig schien.
Ewig erwacht, alles, denn es ist der Jüngste Tag.

© 1999 Carl Hanser Verlag München Wien
从: Großes Erwachen
München Wien: Carl Hanser Verlag, 1999
ISBN: 3-446-19693-5
录制: literaturWERKstatt berlin 1999

Mórdhúiseacht

Dúisím.  Dúisíonn an uile ní thart orm.
Dúisíonn an tsíleáil, an falla, na doirse, na cuirtíní, na boird,
an t-urlár, na cathaoireacha.  Dúisíonn fabhraí,
clúmh, lámha, an muineál, an droim,
an bolg, an cromán, ceathrú, colpa, na hailt,
rúitín, méara na gcos, ingne, méara na lámh.
Dúisíonn na beola, an teanga, na carbaill,
an mhéanfach, an t-imleacán, na polláirí,
dúisíonn an comhfhios, an spás, an
t-am, dúisíonn gach aon ní.  Nithe
agus daoine.  Dúisíonn idir luí agus suí, tuisil,
greim.  Dúisíonn an fhuil agus
an anáil.  Dúisíonn an lasc sholais, an scáthán,
an dalladh, bobáil súl, fiacla,
drandail, roic, féasóg, fobhríste – dúisíonn an bod
agus an mún.  Dúisíonn eascaine,
focal, catsúil.  Dathanna.
Cosa caite i mullach a cheile, tús na cíche.
Dúisíonn píosa den oíche agus smut den bhrionglóid.

Tá Prág ina dhúiseacht agus an Róimh.  An chríoch Bhalcánach
go léir.  Dúisíonn an Afraic ó dheas ó
thuaidh.  Dúisíonn Shanghei tar éis Bhéising, lámh chreathach
á mhothallú as a shuan.  Dhúisigh Leiníngrad
ar an traein, Stalingrad chomh maith.  Tá Linz
ina dhúiseacht, München ansin, Beirlín – an domhan
go léir.  Ní chodlaíonn éinne.  Críostaí ar bith.  Ní
chodlaíonn nithe.  Ná ainmhithe ach an oiread.
Tá gach rud ina dhúiseacht.  Ní thiteann néal ar aon ní.

Dúisíonn an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin, Déardaoin,
an Aoine agus an Satharn.  Dúisíonn chomh maith
an lá inniu is an lá amárach, léine agus brístí,
caife, tae, soithí.
Dúisíonn gíoscán, gligleáil, blobarnach, tarraingt
na gcos, agus aidiachtaí, briathra sa
mhodh táscach is sa mhodh coinníollach.  Dúisíonn
an t-ochslaíoch, an gairmeach is gach aon mhóitíf.
Tá gach aon ní ann – i láthair, ina dhúiseacht.  Níl eolas
ar an gcodladh ag aon ní níos mó.  Tá an neamh-chomhfhios –
focal nach dtaitníonn le Cathal Ó Searcaigh,
an neamh-chomhfhios (ach tá sé ann) –
tá an neamh-chomhfhios ina dhúiseacht agus na rúin.
Dúisíonn ceo agus breacadh an lae,
scaladh gréine, scamaill, stoirm, spéirling.
Dúisíonn staighrí, dúisíonn sráideanna,
dúisíonn cearnóga agus a ndealbha, urchair,
na mairbh agus na gunnaí móra, tancanna, lánúineacha.
Dúisíonn tithe agus tinteáin, soir
siar agus boladh goirt uathu.
Dúisíonn aeróga, scéalta nuachta, scáthanna,
teocht is an fuacht.  Uisce, oighear, gás
san éatar agus sna scamhóga.  Dúisíonn adaimh
agus radaighníomhaíocht.  Dúisíonn an dóchúlacht
agus staitisticí chomh maith le gach
uimhir, dlí, riail agus dearúd.

Níl éinne in ann na súile a dhúnadh.
Gach aon ní ina dhúiseacht.  Idir dhamhna agus anam,
an t-aingeal is an monarc.  Agus dúisíonn an t-eolas.
Dúisíonn an  dearúd agus an
chuimhne ina theannta, an choiriúlacht,
cruáil agus saoirse, an t-éad
is an t-uaigneas.  An ciníochas a bhí
ina chodladh tá sé ina shuí.  Seicteanna, paimfléidí,
Seán Ó hUiginn agus Seán Ó Riain ina ndúiseacht.
Dante agus Pádraig de Brún.
Dúisíonn aithreacha, máithreacha, páistí, suthanna,
speirmeacha, uibheagáin, na gaolta go léir.
Dúisíonn cairde, maslaí, an
gáire.  Bailegangháire.  Dúisíonn na mianta a shásaítear
is nach sásaítear agus tá an chinniúint ina dúiseacht.
Dúisíonn matalanga, póstaí
agus a gcomhcheangail.  Dúisíonn
féidearthachtaí agus fírinní.
Éiríonn an t-am atá le teacht, an t-am atá thart
agus an t-am ata anois ann, iad bord ar bord lena chéile.

Tá fuaimeanna, leis, ina ndúiseacht, Í Bhreasail,
agus teangacha.  Cantaireacht agus amhráin.
Madragail.  Soinéid.  An cheoldrámaíocht.  An dán díreach.
Gach rud ag dúiseacht anois gan
choinne.  Dúisíonn burdúin, an aiste,
an t-úrscéal agus sceitseanna.
Tá siad ar fad ina ndúiseacht i leabharlanna,
san éisteoir, sa léitheoir, sa bhfoilsitheoir, san údar –
sna smaointe, ar phár, sa dúch,
ar chloch, ar an diosca beag cruinn,
dúisíonn Caoineadh Airt Uí Laoghaire,
Bligeard Sráide, Cead Aighnis,
Suzanne sa Seomra Folctha, Línte Liombó,
an sean-nós, piseanna agus plibíní.
Dúisíonn Naoi agus an Díle,
Ábraham, Pól agus Sól,
Niamh agus Oisín.  Muire ar a teitheadh,
an leanbh ina broinn.  Agus an Ciarraíoch Mallaithe.
Nochtaid agus dúisíd dála na naomh uile
agus Sócraitéas, Platón, Harry Stottle, Spinoza
agus Kant agus an Déan chomh maith.  Dúisíonn
na fealsúna go léir is a gcuid smaointe.
Isteach sa solas le gach aon ní.
Ina ndúiseacht, i ndiaidh suain fhada,
saol gearr agus críonnacht fhada curtha díobh acu,
dúisíd nocht, hataí agus buataisí orthu, i
bpáirceanna, i bhfuil, sa riasc.  Dúisíd is iad
ag bualadh leathair.
Dúisithe.  Dúisithe.  Dúisithe.  Agus dúisithe arís.

Dúisíonn an eascann, an míol mór, an chéad éan,
slimidí, nathracha nimhe agus a bpleananna.
Dúisíonn na dineasáir.  Dúisíonn an oighearaois,
an duine atá ag imeacht leis anois
tá sé siúd, leis, ina dhúiseacht.
An dea-shaol is an drochshaol,
dúisíonn Cré na Cille, Bónaí agus gach coróin
riamh ina ndúiseacht.  Myles ina shuí
agus Bach, Mozart agus an Riadach.
Gach aon chath a troideadh riamh.  Dúisíonn Vítneam, an Chóiré,
an Mhurascaill, an dá chogadh is cogaí eile nach iad.

Taoise id dhúiseacht agus táimse im dhúiseacht.  Tá
pláinéid, réaltaí, grianta, gealacha, réaltbhuíonta
agus an chruinne ina ndúiseacht.  Na hAlpa,
Cnoc Bhréanainn, na Himáilithe ina ndúiseacht.  Tá an Tibéid
ina dúiseacht, an Blascaod, Beal Átha an Dá Ab
agus Béal Átha an Dá Chab.  Dúisíonn Muiceanach
Idir dhá Sháile agus an Phoimpé,
Aisticigh, Eiscimigh, Gaeil Alban,
Búdaithe, Hiondúigh, an tUrramach Ian Paisley
ina ndúiseacht chomh maith.  Giúdaigh,
buachaillí bána agus breithiúna, na Gardaí
agus múinteoirí.  Dúisíd go léir,
gach mac máthar is iníon athar.

Dúisíonn scriúnna, rud nach dtuigim,
Boinn rubair, tíleanna, brící, coincréit,
cruach agus adhmad.  Traenacha, eitleáin,
cairteacha agus an Dart.  Rothair, tarracóirí,
leantóirí, iad go léir ina ndúiseacht.
Agus longa.  Ina dteannta siúd
dúisíonn a sceitheadh siúd.  Timpistí, cánacha,
ioncaim, turais, speansais, garáistí,
aerfoirt, lamairní agus timpistí farraige
nó aeir.  Tancaeirí ola agus iompróirí aerárthaí.

Tá an domhan ar fad ina dhúiseacht.  Lár an lae.  Iarnóin,
an mhaidin, an clapsholas, an oíche.
Tá an néal codlata féin ina dhúiseacht.
An suan, an srannadh.  Dúisíonn an ghealach,
réaltaí reatha, satailítí, spásairí agus astaróidigh.
Dúisíonn an ciúnas.  An torann
ina dhúiseacht, an púca, gach aon rud ar oscailt.
Níl aon ní faoi cheilt.  Níl aon ní i bhfolach.
Níl aon ní caillte.  Tá gach aon rud aimsithe,
ina dhúiseacht.

Agus tá Dia ina dhúiseacht.  Gach aon phrionsabal agus teoiric.
Níl aon ní marbh.  Níl cloch, crann ná
tuairim, braistint ná díleá
ina gcodladh.  Fiú fear gan Ainm ní chodlaíonn sé.

Tá gach aon ní ann ina dhúiseacht.  Tusa agus mise,
ruball na muice.  Dúlamán na Binne Buí.
Chomh cinnte is atá pus ar asal.
Tá an feitheamh gafa chomh maith
ag an mórdhúiseacht.  Tá cuma na síoraíochta
á chur ar an neomat seo.  Gach aon ní ina
shíordhúiseacht.  Inniu Lá an Luain.

Translated by Gabriel Rosenstock