Michael Davitt
Turas
idir mé is tú
míle cnámh seanchaí á gcneá ag tíogar álainn
míle Walkman gan chluas
míle Swatch gan aghaidh
míle bodhrán gan chraiceann
míle Corr ar leathphraghas
míle Roadwatch Babe á gcreimeadh ag défhoghair ghéinmhodhnaithe
míle de Valera is a nGaeltacht féin acu
míle Ronan Keating in aibíd Sheathrún Céitinn
míle mainicín ar E ag smearadh fuil a gcroí
ar fhísfhalla teilifíseán digiteach
míle feithideolaí ar thóir feithid-ar-líne ár linne
míle Atlantach Guinness á n-urlacan anuas ar
mhíle rinceoir Riverdance
míle comhartha bóthair ag scaoileadh urchar le
míle logainm
míle camán stáin
míle sliotar siúcra
míle urlabhraí oifigiúil thar ceann
míle cúis
míle cros gan asal
míle port gan seinm
míle píobaire gan uillinn
míle timpeallán craosach ag sú an tráchta chucu
isteach go leac na bpian
míle lorraí bruscair ag leathadh a gcuid stuif
ar fuaid na dúthaí
míle ollmhargadh olagónach lán de chónraí fármaidhce
míle pleidhce ina saoithe suite ar shreangán deilgneach
míle lia ag sluaisteáil piollaí suain isteach
in otharcharr critheaglach
míle bó mhire ag déanamh waltz na bualtraí
míle iriseoir d'ord na míthrócaire ag cogaint
a gcuid fón póca
míle próca cóla
míle seangán sean-nósach i sclaig stáit
míle áit gan ainm