Greágóir Ó Dúill
Loki agus Loch
Loki agus Loch
Loki ar an tsliabh, mealla iarainn
Den fhearthainn throm á rolláil aige
Ar dheic mhioscaiseach an fhána
In éadan mo dhíomais.
I laghad, i léithe, a théid gach uile ní;
Crapann fad is crot, tréigeann fuaim:
Sníomhann an chumha trí gach feadán,
Gach feadh, gach giolcach, ar an loch ghlas i mo lár.
Casann an ghaoth fonn mall gan ornáid
Ar phoill nóta mo chéadfaí.
Ach an loch sin, mairfidh slán, ag lacha, ag breac
Beo, cleasa Loki ag cur lena bheocht,
Uisce faoi thalamh á neartú. Mairfidh liath, glas,
Ach tiocfaidh grian, imirt cheolmhar goirmeacha,
Leacht ceoil fuiseoga, ceol miontonnta.
Beidh gach giolcach ag rince leis an ghaoth.