Cathal Ó Searcaigh
Craos
D’ólfainn an bainne atá ag sileadh
as crúiscíní gléghlana do gháire.
D’íosfainn an breac donn atá ag snámh
i dtobar imrisc do shúile.
As plúr cruithneachta do chraicinn
dhéanfainn bonnóg aráin bháin.
As mealbhacán méith do mhásaí
réiteoinn milseog shamhraidh.
Dhéanfainn fleá i do chnámha, a chuid.
Bhainfinn mo dhúil as cíor mheala
do cheathrún, as úll súmhar do scornaí,
as milseacht uachtair do bhrollaigh.
Bí coimhéadach! Tig craos orm os comhair
ollmhaitheasaí do cholla, gach ailp colpa,
gach greim leise, gach slios féitheoige,
gach plaic pluice, gach giota goblaigh
de ghabhal, de ghualainn, de gheir géige.
Shlogfainn ó dhroim na talún tú, beo beathach.
Dhéanfainn béile maidine agus oíche asat
le méid mo dhúile ionat; bíonn ocrach craosach.