Biddy Jenkinson
Boí, Cailleach Bhéarra. Rince na Caillí.
Deiseal inné
m’fholt solais
á theilgean uaim
ag cigilt loime ríthe
ag raideadh scáileanna
ar niamh ban
Deiseal
Nóiníní allais uaim
Mo bhleacht, séidte ina sreanganna, sceacha geala
Mo thuineach clúmh éan ag sceitheadh dreoilíní
Mo bhróga craiceann éisc ar chlágh
Mo phóga chomh caoin tláith le húr-aiteann
ag bisiú is ag beannú críoch
Mo chumhracht, airgead luachra
Odhar mo chíoch ag leathnú sa spéir le contráth oíche
Cén tuathal í seo?
Cén tuathbholadh?
Cé leag eochraí scadán dreoite ar mo sceacha geala?
Cé léi na géaga atá ag gíoscán?
Cad as dos na gainní éisc a thiteann dem lorgain?
Cén súmaire a bhain na boird dem bhéal?
Ceirtlím líonta dhamháin pháirce
Mo mhéara á stoitheadh
mar gharbhlus críon
i ngreim garraíodóra
Mo chíocha mar dhá bhod séidte ag cleitearnaigh
Caithrím crotal
Níl cnag im fheoil
ach í ina liobar faoi mo thonn.
Táim caillte le millteoireacht
an craiceann faoi m’uaithní
mar mheirge casta ar chuaille
Tuathal!
M’inchinn chaoch
ar gliogar i gcrotal cnó
Tuathal!
Radharc mo shúl á ghlinneáil
An ghrian á mhúchadh
Idir mé is daille
ardaím
dhá spannla caorach
2
Bhíodh leannáin mar réalta reatha im spéir oíche
Shíneadh mo dhúil ina droichead go tír mór
Slat mo dhroma mar bhogha síne thar chaolas
ó m’órchiste
Tairbh thána ag coimheascar ar chósta Éireann
agus ba m’oileáin séidte lem bhodógacht
Santaím síon anocht
M’fhuinneamh i bhfarraige
ag tógáil tonn
Ná tagadh bád
Seol m’fhiacla ag nochtadh carraigreacha
Má ghéimeann tarbh
déanfad crotal dá mhagairlí
Ná maíodh aon mhac rí a chuimhní orm
Bior nímhe gach focal seirce
Braonta ailse deora
Níl grásta ionam le tabhairt uaim
ná só ná síocháin
Teann asam féin atáim
le huabhar neantóige
Aiteann críon
fá phus asail mé
mo chorp tréigthe
ag dreancaidí na trócaire
Braon báistí os cionn locha mé
Canaim san ala múchta
Táim cruinn im chraiceann
fuinte
ionraic
ar hob mo dhíofa
Canaim fíor
3
Is gearr uaim
Pé fada gearr é
is gearr uaim
Bolg an tsoláthair
mála an éithigh
Níl spás le fáil
ná ceathrú anama
Mo lámh nach nglacfaidh
Mo shúile dorcha
M’intinn caoch
Mo bhéal faoi shéala
srón nach n-aithneoidh
tím, mismín
táthfhéithleann
úscadh talún iarfhearthainne
cumhracht phlaitín linbh
Tinneas mo chinn
tinneas mo chroí
i lár do chroise
a Dhia
a shaolaíonn ded dheoin
créatúir faoi dhaor éaga.