Greágóir Ó Dúill
Téip Cheoil i Sceach Shléibhe
Téip Cheoil i Sceach Shléibhe
Ar bhóthar an phortaigh, snaidhmthe i sceach aitinne,
Eitlíonn an téip, ag imeacht léi sa ghaoth,
Líonann le haer gan ceol a ghabháil a thuigim,
Síneann chun gluaisteáin ag iarraidh déirc na cluaise,
Bolgann, iarrann seoladh,
Impionnn guth.
Ní stróiceann, ní stríocann,
Líne dhonn ag drithliú, ina ribín aerach earraigh,
Tamall ag ligean uirthi gur mionbhrainse í,
Ní héalú go camouflage.
Bruscar atá inti, a d’imigh ó mhaith,
Níor oir – ró-statach – don ghléas nua, don cheol reatha.
Acra ná inneall níl ann lena seinnt,
Is tiocfaidh an ghrian, an sioc,
Agus ídeoidh an aimsir í.
Tiocfaidh lá éigin,
Is bainfidh mé go foighdeach den sceach de shiosúr í,
Crapfaidh mé i mo phóca í, cuirfidh le tine,
Agus beidh bua ag slacht mar is dual.