Greágóir Ó Dúill
Soinéad Don tSos Lámhaigh, Tar Éis Sé Mhí
Soinéad Don tSos Lámhaigh, Tar Éis Sé Mhí
Amharcaim orthu is iad ag siúl an ghleanna, beirt fhear ar thóir mhadaidh rua
Aimsir seo na n-uan. Gunnaí leo, is madaidh chaorach, agus fios.
Eistim leis, ar a chuairt phráinne go Toraigh, heileacaptar íseal ag bolgadh an aeir,
Na báid faoi chónaí, an sunda garbh, an duine i sáinn.
Chím é ar bhóthar oíche, faobhar an gheimridh ag gearradh,
Húda an anarac in airde, solas fána shúile, bealach lámhaigh ar eolas acu.
Cúbaim ón trup tobann sa chlaí, ón éadan bhán nach bhfuil ann ach bullán,
Cuartaím an píobán faoin bhóthar ar eagla a staptha,
Cromaim faoin charr a scaoileadh brainse gaiste.
Chím na maoir faoina n-uchtach kevlar,
Gach dream a bhfuil ungadh orthu, cead acu, cárta acu.
Tá fada mar shos análach, mo scamháin ar tí a bpléasctha.
Tá nimh ag snámh Sruth na Maoile ón dumpa mhór faoin fharraige a rinneadh is mé óg.