Biddy Jenkinson
Mo Ghrása mo Dhia
Mo Ghrása mo Dhia
gan ainm gan sloinne gan seoladh
mo dhia nach móide gur ann dó
ach idir dhá b’fhéidir mo dhóchais
mo dhia gan tiarnas, gan chinseal
a thuirlingíonn ar líon damháin
trí phutóga caorach
trí shaol na saol is trí ionathar fáinleoige
in ubh circe, i mbróg linbh
mo dhia
a éiríonn ina thoit spór
den bholgán béice
a phléascann as faighneoga aitinn
a shnámhann, billiún eireaball air
ó chumar spealta is eochróige
Mo dhia a éagann ar éag don spideog
a thiteann mar chearnamhán san oíche
gach oíche
i dtólamh
mo dhia nach buaine ná cuil bhealtaine
deil gréine
damhán fómhair.
Mo dhia nach buaine ná mé
nach lú a thrócaire ná mo chuid
nach beo dó scartha uainn
Tincéar
sirtheoir síoraí
de shíor ag útamáil
le stiogmaí, le magairlí
le go mairfimis glún eile
Bean ghlúine
á osaidiú féin de shíor
Mo dhia a phéacann ó chré na cruinne
faoi ghnéithe gan áireamh
nach féidir leis a thabhairt chun suthaine
Bás
ar bhreith
ar bhás
ar bhreith
ar bhás
Áilteoir ar a dhícheall
ag greamú scámhóg den iasc, féachaint....
Boitseálaí
a bhíonn de shíor ag sá
soip in áit scuaibe lá gaoithe
Seifteoir
a mbíonn an iomarca liathróidí san aer aige
Seansálaí
a aimsíonn
– ar ámharaí an tsaoil –
i gcraitheadh an tsacáin
ábhar a ath-thuismithe.
Mo ghrása mo dhia
á shíorchriathrú féin
trí mhogall neamhfhéidearachtaí
trí shlaodmhéara an tseans
ag tuirlingt
ar leathchois gé
ar leathchrúibín muice
ar shéanas giorria
ar phis an ribe
ar ribín suaimhnis
ar bhod na staile
ar phailp snua
Ní thógaim air nach buan aon tsamhailt dá chuid
nach féidir leis a dhán diaga a shlánú
Maithim dó
Céadlíonadh mo scamhóg,
a sniogadh deiridh.