Biddy Jenkinson
Lá Feabhra
D’aoibh gháire mar lí gréine i bpréamhacha cíbe
mar a bhisíonn sailchuacha.
An tost idir shéideadh agus sú d’anála
á choinneáil agam
le súil go nochtfaidh tú
mar tá tú faram, tapógach mar lon
ag faire m’iomaire
is gach preab spáide faoina chandam beatha
á thiontú chugat.
Bainim fóid
gan breathnu tharam
is tagann tú go fáilí ar mo chúl
meallta ag éamh siliceach rútaí raithní faoin ramhainn
nó ag péist a leagaim ar an mbán
amhail is dá mbeadh leanbh fiafraitheach
le bréagadh agam.
Tá préacháin ag iompar cipíní go barr fuinseoige
is á scaoileadh anuas trí na géaga
le súil go ngreamódh ceann –
is táimse ag súil go rachaidh
líne i bhfostú san fhírinne
mar d’fhéadfainn Dia a thabhairt ort
nó Mór Ríon
nó leannán sí
nó Cáit Ní Dhuibhir
nó scáth dem shamhlaíocht féin ar cheo síoraí
ach titeann gach tráithnín díobh seo ar lár.
Gráim thú
cé go dtiteann na línte i dtraipisí
is nach sloinnfidh tú tú féin.
Tá tú ag corrachú sa choill
ag sobalchaint sa linn
ag saighdeadh agus ag ainliú mar bhod gaoithe,
ag titim linn i mbruscar na bpréachán
de ghob gach dáin nach bhféidir ceann a chur air.