Gabriel Rosenstock
Farrera [14-18]
jezik: irščina
Prevodi:
angleščina (Farrera [14-18]), nemščina (Farrera [14-18])
Farrera [14-18]
a gunsaku [haiku sequence]
14. aon fhuaim bhriosc amháin –
guth na ngealbhan
sileadh an tsneachta leáite
15. aer tanaí an tsléibhe
gach áit: sna gága
gallchnó folamh
16. cnoic faoi shneachta –
béal an tsearraigh
breac le bainne na lárach
17. a sheanchloig
i dtúr Farrera de Pallars –
cathain a labhróidh tú arís?
18. an t-iora rua
(ar chrann nach n-aithním)
tá deartháir aige ag baile
written in the Catalonian Pyrenees, April 2003