Biddy Jenkinson
Eanáir 1991
jezik: irščina
Prevodi:
nemščina (Januar 1991)
Eanáir 1991
Ná póg in aon chor mé an Eanáir seo.
Ní éireodh aon fhuiseog ar do bhéal-bhéim.
Thitfeadh
dreoilíní coscartha Stiofáin
go talamh eadrainn.
Ná tóg mo lámh.
Thiocfadh na méara díom
’na gcoinlíní reo.
Ná bog mo chroí
nó pléascfaidh an fliuchreo ann
ar athreo.
Ná féach im shúile
nó préachfar thú
le fuacht.
Ná habair liom
go bhfuil an saol faoi choim
go bpéacfaidh síol
go ndéanfaidh do phóga earraigh ealta éan.
Seasaimis gan phóg gan dóchas
in áit na marbh
faoi gach buama a thiteann
mar fhianaise
nach dár ndeoin iad.