Michael Davitt
Do Phound, ó Dhia
Mar 'bheadh smearadh dóite
ag snámh aníos tríd an teach
baineann do gheonaíl mo thaibhreamh amach.
7.08. Léan ort!
Ab é do mhún é?
Nó dúil i gcanna bídh?
Ab é an gnáthuaigneas maidne madra é?
Nó an bhfuilir i bhfastó?
Táim bodhar agat, éireod.
Faoi sholas éadrom na cúlchistine
lúbann tú chugam go humhal
ag feacadh le ceann-fé.
Anois léimeann tú
do m'fháisceadh go grámhar
idir do dhá lapa dornálaí
is lingeann buicéa daí bána áthais
as do dhá pholl dubha súl;
táim an-mhór leat, a chréatúir.
Is bíonn an mór san ag tuile is ag trá
ionam, ó loime go lán bhláth,
ina bharaiméadar féinfhuatha, féinghrá.
Nach tú 'chuireann mo phleananna in aimhréidh
i gcinniúint ghiobail;
is nach tú 'bhíonn thíos lem mhífhoighne
le próiseas prósúil an lae
nuair a chaithim coincheap iomlán
na soláimhsitheachta i dtraipisí
is téim ag sceamhaíl lem scáil
nó ag rútáil ar thóir cnámh spairne
i mbanc dramhaíl i gcúl mo chinn.
Is nuair is mó is mian liom tú
ag rince le teanntás sa bhfoirfeacht
satlaíonn tú go hamscaí
ar pheiciníos Mhiss H.
is uaireanta ní aithneofá Aingeal an Tiarna
ó bhuirgléir oíche. Is tugann sé
sólás sádach éigin dom an cac
a scanrú asat ar fuaid an chúlghairdín
is amharcann tú go smigshásta ansan orm
á chnuasach chugam arís
lem mhála plaisteach is lem shluasaidín . . .
A Phound, a ghadhair mo chléibhe'
aimsíonn tú an gadhar ionam féin
an taibhreoir faoi shlabhra
ag geonaíl chun Dé.