Michael Davitt
An Díbeartach
jezik: irščina
Prevodi:
nemščina (Der Verworfne)
An Díbeartach
Tháinig is d’imigh fir an bhruscair.
Táim im luí ar thaobh sráide
faoin mbáisteach ag bogadh sall is anall
ar mo bholg plaisteach sa ghaoith.
Tá máilín cruinn súchaite tae
greamaithe dem chléibh,
cárta poist de thráigh aislingiúil dem thóin.
Dá bhféadfainn breith ar mo hata
atá caite i mbéal geata
ní bheifeá ag sá do shúl
chomh sotalach síos i m’anam dorcha,
tusa a bhfuil do hata geal miotail
fáiscthe anuas go dlúth ar do cheann.