Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Ar Cíos
jezik: irščina
Prevodi:
nemščina (Zu Vermieten)
Ar Cíos
Ligimis orainne
go mairimid
sa tigh seo cois farraige.
Idir ballaí bána
codlaímid
ligimis orainne.
Ar bhráilíní síoda
a luímid
sa tigh seo cois farraige.
Togha na fíona
a ólaimid,
ligimis orainne.
Feis agus féasta
a dhéanaimid
sa tigh seo cois farraige.
Ach bheimis as baile
lá cíosa a dhíol,
ligimis orainne
sa tigh seo cois farraige.