Biddy Jenkinson
Suantraí na Máthar Síní
Suantraí na Máthar Síní
Ceartaigh a mhaoinigh
go bpógfad do chrúibín
Lúbaim ladhrán is ladhraicín faoi
Fillim an muicín seo
Fillim an muicín siúd
Féach muicín dána ag gobadh aníos
Seo seo a thaisce
tá cúram le déanamh
Méirín méarán méarachán sí
Igín ar laoidín
Glaicín ar chircín
Bindealán síoda
ar chosa mo chroí
Cé gur scréagóigín í
siúlfaidh mo chailín
mar bhambú lá gaoithe
mar bhuinneán sailí
Fillim ordóg, fillim lúidín
Lótas athfhillte
gach méirín faoi iamh
Tá clabhcaí faoi Chlíona
Tá spága faoi Mháire
Tá Peigí spadchosach
’s leifteáin faoi Niamh
Deasaigh a stóirín
mo lámh ar an bhfáiscín
mé Maimín do leasa
dod chumhdach le cion.