Cathal Ó Searcaigh
Searc
Chuir mé mo shúile i bhfolach
faoi smúid na hoíche;
Ní amharcfaidh mé ort níos mó.
Chuir mé mo chosa i dtalamh
ag bun na dtrí gcríoch;
Ní shiúlfaidh mé chugat níos mó.
Chuir mé mo theangaidh i dtost
i ndíthreabh an tsléibhe;
Ní labharfaidh mé leat níos mó.
Chuir mé mo lámha faoi cheangal
le slabhraí an uaignis;
Ní chuachfaidh mé tú níos mó.
Chuir mé mo chuimhne as úsáid
faoi ualach an dearmaid;
Ní chrothnóidh mé tú níos mó.
Anois cuirim mo chroí chugat
i mias seo na fílíochta,
lonas nach dtitfidh mé i ngrá leat... aríst.