Nuala Ní Dhomhnaill
An Obair
An Obair
An móta is bábhún Normannach a chonac isteach thar chuirtín crann
is mé ag tiomáint thar bráid go tapaidh ar an mbóthar,
áit éigin faoin dtuath in aice le Cill Mhaighneann
i gCo. na Mí, a thugann an ainm don áit. Sin í An Obair.
É sin is an cara mná is ansa liom ar domhan ag fáil bháis go mall
in Ospidéal an Adelaide: an grianghraf thíos im’ phóca dúinn beirt inár mná óga
a tógadh lá Márta, an chéad lá earraigh i nGairdín na mBláth in Ankara
na Tuirce: sinn ag gáirí is gan tuairim againn ar cad a bhí romhainn:
aghaidh na mná Moslamaí ón Ailgéir a chonac le déanaí sa nuachtán
nuair a hinsíodh dí go rabhthas tar éis an scornach a ghearradh
ar ochtar leanbh óg dá clann: an file iomráiteach Seirbeach
a bhí ina cheannaire ar mhórchampa géibhinn; an stairí litríochta
a chaith a chuid ama saor lena chairde ag imirt caide le plaosc dhaonna:
m’fhear céile a chaith sé lá i gcóma is mé ag féachaint amach fuinneoga
an tseomra feithimh ar an solas ag dorchú amuigh ar an mbá
idir Dún Laoghaire is Beann Éadair, is ar theacht is imeacht na taoide:
trácht trom ar an mbóthar mar a raibh an saol Fódlach ag rith sall
is anall, ag plódú ar nós na nduilleog a bhí ag péacadh ar gach aon chrann:
– é seo go léir a thabhairt faoi ndeara is áit a dhéanamh dó id’ chroí gan pléascadh
é seo uile is an móta Normannach a chonac is mé ag gabháil na slí,
áit éigin faoin dtuath in aice le Cill Mhaighneann i gCo. na Mí –
An Obair. Sin í an obair. Sin í an obair nach éasca.