Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Laethanta Lagmhisnigh
Язык: ирландский
Переводы:
немецкий (Niedergeschlagene Tage) Laethanta Lagmhisnigh
Admhaím corrlá
bím traochta
dá cosaint os comhair an tsaoil
Bím bréan de bheith fréamhaithe
cois leapan
na teangan éignithe
seo
ag guí biseach uirthi
á faire go cúramach
ag impí beatha inti arís
Is nuair a chím
a cnámha lofa
ag cailciú
tuigim
ná beidh fágtha
lá éigin
ach smúit bhalbh…
ach an oiread liom féin.