Greágóir Ó Dúill
Dubhghall
Dubhghall
Bhí daingean uaim, is foslongphort.
Mo sháith faoi seacht de thoinn, de mhaide stiúrach,
De bhroinn ag líonadh
Ag striapach liom leat de ghaoth Mhuir Meann.
Daingean uaim, is foslongphort.
Tharraing mé de rópa cnáibe
Ar shoc mo chéachta, ar mhuinéal m’eich mhara,
Rinne campa de long, d’fhadaigh tine,
Rinne páil de mhaidí rámha gur bhláthaíodar.
Seasann céaslaí; gruaig ghoirm faoi chois,
Scarbh ar sgeir ina aonar ar imeall mo radhairc,
Mo chiotóg i bhfostó sa sciath,
Tine chnámh ar an chnoc udaí, dealáin chugam,
Riastra imithe do mo sarknochtáin,
Cneá droma na sceana dubha tirim orthu.
Is é cleacht mo shean an long a sheoladh,
Tine léi agus corp gléasta taoisigh,
Fá mhuir. Deasghnáth nach acmhainn d’aonarán.
Chugaim a thagaid. Tosaím laoi an bháis éachtaigh.
Fanaim, easnacha ag eitilt.