Nuala Ní Dhomhnaill
Dubh
Dubh
ar thitim Shrebrenice, 11ú Iúil, 1995
Is lá dubh é seo.
Tá an spéir dubh.
Tá an fharraige dubh.
Tá na gairdíní dubh.
Tá na crainn dubh.
Tá na cnoic dubh.
Tá na busanna dubh.
Tá na carranna a thugann na páistí ar scoil ar maidin dubh.
Tá na siopaí dubh.
Tá na bhfuinneoga dubh.
Tá na sráideanna dubh (is ní le daoine é).
Tá na nuachtáin a dhíolann an cailín dubh go bhfuil an folt láidir dubh uirthi
dubh dubh dubh.
Tá an damh dubh.
Tá an gadhar dubh.
Tá capall úd Uíbh Ráthaigh dubh.
Tá gach corréan a scinneann amach as an ealta dubh.
An chaora dhubh a sheasann amach de ghnáth i lár an tréada,
ní heisceacht í níos mó mar tá na caoirigh ar fad dubh.
Tá na prátaí dubh.
Tá na turnapaí dubh.
tá gach bileog cabáiste a chuirfeá síos i dtóin corcáin dubh.
Tá an sáspan dubh.
Tá an ciotal dubh.
Tá gach tóin corcáin as seo go Poll Tí Liabáin dubh.
Tá na Caitlicigh dubh.
Tá na Protastúnaigh dubh.
Tá na Seirbigh is na Cróátaigh dubh.
Tá gach uile chine a shiúlann ar dhromchla na cruinne
an mhaidin dhubh seo samhraidh, dubh.
Tá na polaiticeoirí ar sciobaidh
is iad ag baint na gcos is na n-eireaball dá chéile
ag iarraidh a chur ina luí orainn
nach fada go mbeidh gach dubh ina gheal.
Is an té a leomhadh a mhisneach dó
nó a chreidfeadh an méid a deireann siad
níor mhiste dó b´fhéidir an cheist a chur
ab ann ab amhlaidh a chiallaíonn sé seo anois
nach mbeidh ins gach dubhthréimhse ach seal?
Ach ní dhéanfadsa.
Mar táimse dubh.
Tá mo chroí dubh
is m’intinn dubh.
Tá m’amharc ar feadh raon mo radhairce dubh.
Tá an dubh istigh is amuigh agam díbh.
Mar gach píosa guail nó sméar nó airne,
gach deamhan nó diabhal nó daradaol,
gach cleite fiaigh mhara nó íochtar bhonn bróige,
gach uaimh nó cabha nó poll tóine
gach duibheagán doimhin a shlogann ár ndóchas,
táim dubh, dubh, dubh.
Mar tá Shrebrenice, cathair an airgid,
‚Argentaria’ na Laidne,
bán.