Biddy Jenkinson
Crannchur
Crannchur
Sa dairchoill idir chamáin chrann
le coimheascar lae
luíomar gan chraiceann seal
sa chríonach méith.
Chuireamar préamha geala fúinn
is chuaigh le craobh
gur deineadh crainn
faoi lánduilliúr
dínn araon.
Scar an t-uabhar daonna linn
mar d’éireodh éan.
Bhraitheas gluais na coille ag rith
inár leagan séimh
is idirshnámh ár ngéag teann
le gus an tsaoil.
Dhein crainn na coille rothalchleas
faoi bhroideadh gaoithe.
Chuireadar a gcinn i gcré
le teacht na síne
is chrochadar a bpréamha in airde
ag maslú Geimhridh.
Leanaimis sampla ár gcomhchrann ar theacht don oíche.
Seasaimis béal fúinn sa chré, beag beann ar dhaoine
ag deochadh linn faoi mhúr duilleog
go soilbhir simplí
is sneachta caoin ag cigilt
ár mbarraicíní.