Cathal Ó Searcaigh
Cárta poist chuig Yosuf san Iaráic
Anocht i mboige an Mhárta i Manhattan
sheas mé ar leac dorais an tí
ina mbíodh cónaí ort i mBleeker Street
nuair a thug mé gean duit sna h-ochtóidí.
Mhoilligh mé ag an doras úd an aoibhnis
ag cuimhniú ar oícheanta gealaí ár ngrá
nuair a bhíodh ár gcómhrá ar d’áit dhúchais –
mínte gréine na hIaráice idir Najaf agus Hillah.
Níl fhios agam cá bhfuil tú anocht
agus dúshraith an tsaoil ar crith, a chroí,
ó Najaf go Hillah; do dhaoine ag creathnú
roimh an neart gan cheart seo atá á h-ionsaí.
Tá buamaí na barbarthachta ag titim oraibh,
ag déanamh carnáin de bhur gcathracha, conamar de bhur mbailte,
agus is mór m’eagla go bhfuil do bheatha i mbaol
idir Najaf agus Hillah agus iad ag treascairt do thailte.
Anocht agus mé ag moilliú ag doras an tí úd
ag smaointiú ort, chuimhníos gur dhúirt tú liom tráth;
‘Tá tír dhúchais an fhile le fáil i gcroíthe
na ndaoine atá faoi dhaorsmacht.’ Anocht, a ghrá
Caidé a thig liom a rá ach dearbhú duit
i dteangaidh mionlaigh nach gluintear sa challán
go bhfuil mé leat go h-iomlán. Tá an buama ag breith bua
ar mo bhriathra is an diúracán ag déanamh magaidh de mo dhán.
Ach anocht, tá mé leat, a fhir álann na hIaráice,
óir is é do chroíse amuigh ansiúd i mbéal an uafáis
fód beo mo dhúchais, fearann pinn mo dhaonnachta.
Dá bhrí sin agus dá bharr sin, a dhíograis,
dearbhaím go bhfuil mé leat anois ó bhaithis mo chin
i Najaf go bonn mo choise i Hillah…