Nuala Ní Dhomhnaill 
Translator

on Lyrikline: 1 poems translated

from: alemão to: irlandês

Original

Translation

Manöverkritik

alemão | Mirko Bonné

Es würde den Sandweg erklären,
die eingefahrenen Spuren,
die in der Dämmerung leuchten,
so dass ein Kauz, anhand Schatten,
einen Anhaltspunkt hätte,
man ihn deshalb erkännte,
bevor der Weg ansteigt.
Ein Grund für die Böschung!

Ferner zurückgelassene Proviantreste
und Milchlachen im Huflattich,
unter abblätternden Armeelastern,
eine Art Manöverkritik,
Herbst verwitternder Tarnung,
ein Wäldchen, rechtzeitig entlaubt,
wo Kinder nach Patronen grüben,
aber deutlichere Spuren?

Winternacht. Gleich, ob mit Schnee
oder dem Frost von Silvester,
oberhalb des Rübenfeldes,
am Rand des Käuzchenkreises,
stünde die Wentzenburg,
wie es beim Schlachten erzählt wird.
Der Sandweg führte hinauf, es gäbe eine Brücke,
im First des Raubritterdachs nisteten Uhus.

© DuMont Literatur und Kunst Verlag Köln 2002
from: Mirko Bonné: Hibiskus Code. Gedichte
Köln: DuMont Literatur und Kunst Verlag, 2002
Audio production: 2001 M. Mechner, literaturWERKstatt berlin

Scrúdú Iarbháis

irlandês

Mhíneodh sé an cosán gainimhe,
cén fáth go bhfuil na claiseanna chomh domhain,
iad ag borradh faoi chlapsholas
chun go mbíonn pointe tagartha
bunaithe ar scáileanna, ag an ulchabhán
is cén fáth go mbíonn an cosán chomh sofheicthe
sula n-éiríonn sé i gcoinne an aird?
Ábhar maith chun port cosanta a thógáil!

Níos sia siar tá iarsmaí oráiste
agus locháin bainne ar maos sa sponc,
faoi leoraithe – a ndathanna  síonídithe
á scú díobh – sórt scrúdú iarbháis.
Fairis sin tá fómhar faoi cheilt
á chreimeadh ag an aimsir, doire beag
ina mbíonn páistí ag tóch ag lorg cartús
ach na claiseanna a bheith níos soiléire.

Tagann an geimhreadh. Is cuma an le sneachta
nó le sioc na hathbhliana,
os cionn gort na dtornapaí
ar imeallraon an ulchabháin,
is ann a sheasaíodh dún na Bheindeach
mar a n-instear fós sna scéalta am mharaithe na mbeithíoch.
Is ann a théadh slí na gainimhe i gcoinne an aird.
Bhíodh droichead ann is bhíodh an t-ulchabhán
ag déanamh nide i mbarr binne an ropaire barúin.

Translated by Nuala Ní Dhomhnaill