ROBAR?

Al carrer et diran
que no pots anar a dreta o esquerra,
canvi de sentit,
direcció prohibida,
prohibit el pas,
propietat privada.

Tant se val que tinguis molt o que no tinguis res:
no pots passar,
tot és d'algú:
la casa,
el gos,
la moto de cinc-cents centímetres
que cubica de campionat,
el mirall,
el bar on fan les tapes tan bones
i la cuinera,
que també és d'algú:
del seu marit,
del seu pare,
dels seus fills,
de tot déu menys de tu
que ets l'únic que la desitja.

Canvia d'actitud:
passeja't com un xulo per una zona arrasada:
no vols res,
res que et pesi,
res que t'estreny:
la casa, amb un passadís massa llarg;
el gos, que té la solitària;
la moto, que li va trencar el colze al seu amo;
el bar, que només fa diners diumenge al matí
quan tu encara dorms
immers en el penúltim somni
en què la cuinera et somriu
sorgint entre els llençols
com un somni sense la propietat privada,
que a tu, de moment, no et comprimeix.

© David Castillo
Extraído de: Downtown
Barcelona: Icaria, 2005
Produção de áudio: Institut Ramon Llull

Ag goid ?

Ar an sráid, deirfear leat
nach féidir leat dul ar chlé nó ar dheis,
athrú treo,
ná téitear isteach,
ceart slí diúltaithe,
sealúchas príomháideach.

Cibé acu a bheidh beagáinín nó a bheidh faic agat, is é an rud céanna é :
ní féidir teacht isteach,
is le duine éigin é gach rud:
an teach,
an madra,
an gluaisrothar comórtais de chúig chéad
ceintiméadar ciúbach            
an scathán,
an beár ait a ndéantar tapas blasta
agus an cócaire,
gur le duine éigin í chomh maith:
lena fear céile,
lena hathair,
lena mac,
le gach aon duine ach amháin leatsa,
tusa an t-aon duine a bhfuil súil acu léi.

Athrú dearcaidh :
bí ag siúl ar nós gigolo in áit marbhánta :
níl aon rud uait,
aon rud a mbeadh meáchain ann,
aon rud a chuirfeadh srian ort :
an teach, le cónaire atá rófhada;
an madra, a bhfuil paraisít ann ;
an gluaisrothar, a bhris uillinn a uinéir;
an pub, nach saothraíonn aon airgead ach amháin maidin Dé Domhnaigh,
nuair a bhíonn tú fós i do chodladh,
i do chnap codlata, don dara uair deiridh, brionglóid
ina bhfuil an cócaire ag déanamh meangadh gáire leat
í ag teacht amach ó na braillíní
ar nós brionglóide gan sealúchas príomháideach,
nach gcuireann tusa faoi chois.

Translated by Montserrat Casacuberta and Declan Quinn