Greágóir Ó Dúill
Seilide
Seilide
Rófhada sa bhlaosc, ag fanacht, leis an chos anuas.
Mall, fáilí, sínim adharca amach, bolaím, cuartaím,
Agus bogaim liom go mall ón áit a rabhas teann:
Ar dhath an airgid atá smug mo shiúil,
Ar dhath an óir bhuí an pabhsaer sin faoi mo shúil.
Téann an saol mór thart go fóill, ar chosa táirne in airde,
Ach bhí an bhlaosc róbheag, róbhog, bogach mo sheasaimh ’mo bhá.
Má b’eagal bogadh, ba ró-eagal fanacht is thugas mallacht mhisnigh;
Ar eagla eagla iompraím teach ar ghualainn isteach sa lá.
Bhí an stalú dulta bréan is shantaíos an t-aer.
Soir amach as Dún Aengusa, trén chevaux de frise soir amach,
Snámhann mo dhroim dhubh, ag soilsiú faoin ré úr lán.
Tá broic ann, tá, fiacail, agus gob nach sos dóibh ariamh,
Ach tá gá agam le caitheamh bia agus le caidreamh póir.