Gabriel Rosenstock
Farrera [9-13]
língua: irlandês
Traduções :
inglês (Farrera [9-13]), alemão (Farrera [9-13])
Farrera [9-13]
a gunsaku [haiku sequence]
9. áit éigin sa cheo
an cloigín timpeall
mhuineál an chapaill
10. an chuach –
éist!
an ag comhaireamh siollaí atá sí?
11. seanfhear ag canadh sa ghort
meallann an ghrian
an gleann anuas
12. an mhiúil fhoighneach ina seasamh –
cad is dóigh léi
de na gealbhain?
13. am bia –
an seanóir ag canadh
do na coiníní
written in the Catalonian Pyrenees, April 2003