Greágóir Ó Dúill
Coinnle Samhna
Coinnle Samhna
I gcuimhne ar Ken Saro-Wiwa agus ochtar eile Ogoni a chrochadh sa Nigéir 10 Samhain 1995
Seasann coinneal idir gach spíce, agus thíos ag cois an bhalla
Tá praiseach solais de choinnle ag dó,
Geal agus dearg, buí agus ómra, gorm agus dubh,
Beag ramhar, ard tanaí, cornta casta,
Coinnle altóra, coinnle Nollag, coinnle déanta grá, coinnle beaga seomra luí linbh,
Cuid i bprócai, cuid ina seasamh saor, iad ag dó
I gcomhcheilg chiúin le haimsir seo gheimhreadh Éireann.
Tá gort de bhlátha solais, de nóiníní Nollag
De bhladhmanna beaga gáis, de chúr miontonnta
Ag creimeadh an bhalla, balla seo na hAmbasáide.
Cogarnaíol de phaidrín páirteach ag na coinnle os comhair na hAmbasáide.
Shleamhnaigh na giollaí amach i ndiaidh meánoíche,
Mála dubh plaisteach ag gach giolla, is rug ar shiúl
Na coinnle, na prócaí sin a scoilt, a lúb, a leáigh faoin teas.
De shiosal is de chasúr ghlanadar go healaíonta an chéir
A leáigh le spící, le balla, le casán, an chéir a leáigh,
A d’ealaigh ina línte, ina linnte, ina slaoda, ina srutha,
An chéir a rith, a chruinnigh, a chruaigh.
Bhaineadar de shiosal í.
Ar maidin is léir míéifeacht a gcuid oibre
Nó tá coinnle is blátha is céir uilig glanta as radharc
Ach síneann rian na toite soiléir ar an bhalla
Ag déanamh a bhealaigh éiginnte in airde go deimhin
Agus tá lámha spréite na nduilleoga cnó capaill ar an talamh
Ina gcuimhneacháin ar an chroch,
Ina ngeallúint ar choinnle a chrochfar ag maisiú gach crainn, teacht an earraigh.