Biddy Jenkinson
Cáitheadh
Cáitheadh
Dá mba mise an barruisce ghabhfainn chugam do bharraicíní.
Dhéanfainn suirí le do rúitíní le cúr griangheal na scríbe.
Dhéanfainn tathaint ar do choiscéim le haistarraingt na maidhme
is líonfainn ort na hioscaidí
le cuilithíní.
Dá mba mise an tonn shúraic dhéanfainn mán mán le do ghlúine.
Chuirfinn creathánacht ag preabarnach ar fud do cheathrúna.
Dhéanfainn leisbhearta dem chraiceann duit is triús dem shíoda uaithne,
brachlainn thar do bholg suas is
mórtas ort go guaillí.
Dá mba mé an mhuir iomghoirm ghoidfinn uait do shúile.
Chasfainn chugam d’intinn le siansa is suaitheadh.
Ruathuile ad tharraingt domhain domhain chugam de rúchladh,
cíocha an chuain ag borradh chugat
le mana múirne.
Mar gur geal an lá, gur geal an spéir, gur dáimh liom gach dúil bheo
is nach bhfágfainn broigheall dubh ar leac
dá bhféadfainn é mhuscailt.
Tá an fharraige ard, an ghrian go hard is taimse lán de ghrásta
is feam i lár na feamainne ag rince leis go sásta.