Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Áiféilín
língua: irlandês
Traduções :
alemão (Bedäuerchen)
Áiféilín
Nílim chomh duairc
go bhfanfainn
fén duvet
ar feadh an lae
sin áibhéil.
Níl ann ach gur
thug mo shúil
taitneamh éigin duit,
a stróinséir,
is gur fhágas
im’ dhiaidh tú
oíche aréir
agus go bhfuil
blas pórtair
is áiféala
im’ bhéal
ar maidin.