Michael Davitt
An Fuacht
Sprache: irisch
Übersetzungen:
deutsch (Der Frost)
An Fuacht
Cad eile ‘bheadh uaim sa tsaol:
cead teachta is imeachta
gan beann ar éinne
is an oíche ag titim le faobhar
is an sioc ag tuirlingt ón spéir
is an fuacht ag crapadh na réalt?
Cad eile ‘bheadh uaim sa tsaol:
bheith neadaithe isteach
fé charn blaincéadaí
is an sioc amuigh ina shuí
is an fuacht ag siúl timpeall an tí?
Cad eile ‘bheadh uaim sa tsaol:
muga breá tae le héirí gréine
is canta aráin agus im air
agus subh bhreá mhilis shú craobh
is an dúthaigh chomh bán le heala
is an lá chomh cruaidh le speal
is an intinn chomh geal is chomh géar?