deckname

habe straßenkarten auswendig gelernt und
verschlungene wege. meine haut spannt weiß,
wie vom kalksand eingefärbt. unter den fingernägeln
brechen schachtelhalmknospen auf als wegweiser.
worte surren im hautzelt, das ich vor mir hertrage
als schutzschild, als täuschungsmaske.
ich schlage die trommeln und lasse leuchtrakteten steigen,
die gefährlich aufflammen unter der hautoberfläche.
ein lufthauch könnte mir die maske
vom körper reißen. noch weht er nicht,
noch glaubt man mich zu erkennen.
wenn mein name genannt wird, soll
ein weißes tuch in der landschaft sein. ich war da.

© Maja Haderlap
Extrait de: langer transit. Gedichte
Göttingen: Wallstein Verlag, 2014
ISBN: 978-3-8353-1378-1
Production audio: 2004, M.Mechner / Literaturwerkstatt Berlin

Tearmann

An seo tírdhreach m`anama atáthar a thaibhreamh
i bhfís domh anois, tráthnóna beag seo an tsolais bháin-
an dúiche rúin seo atáthar a nochtadh as na duibheagáin?
Nuair a fhéachaim síos tchím iad go soiléir ag soilsiú
ansiúd san áit is uaigní i mo chroí, san áit is sia i mo stuaim-
na garbhchríocha ina mbeathaím, ina mbuanaím.
Anois is léir domh táilte fáin ar a bhfásann go binn
focla fraoigh, ina gcluinim comhrá ciúin cíbligh.
I dtobainne, tá mé ag sní thar theorainn mo chraicinn,
ag síneadh i gcóngar mo chinn, ag fairsingiú

i mbithchríoch m`inchinne.  Anois tá talamh
míntírithe mo chéille ag gabháil i bhfiántas, ag tiontú
arís ar a dhúchas cíbe.  Mar chomharthaí,
tá giolcaí ina gcolgsheasamh ar chosáin mo chuimhne,
mo threorú isteach i ríocht rúin mo chinniúna....
Ní mise an mise a bhíodh ar eolas agaibh, a cháirde cléibhe.
Nuair a labhrann sibh liom anois ní mise a thugann freagra
ach a bhfuil ionam de theangaidh bheo an tsléibhe.
Labhraim libh i gcumhracht raideoige, i bport na fuiseoige.
Anois le teacht na hoíche, san áit ina raibh mé, lorgaigí
ceannabháin ag séideadh i mbéal na gaoithe.

Translated by Cathal Ó Searcaigh