Michael Davitt
Glaoch
Glaoch
do Mhoira
Pé acu sa Chlár nó i dTír Chonaill duit um an dtaca seo
nó fan na slí seanda trí Ghaillimh, Maigh Eo, Sligeach,
i mBaile Átha Cliath domsa ag tnúth le glaoch.
Seo ceantar na Tenters mara maireann na caogaidí beo.
Seomra dara hurlár i dtigh deargbhríceach Victeoiriach.
Sa halla thíos cuirtín veilbhite fillte siar ina áirse
ag bun an staighre. Istigh faoin staighre pluais bheag
gléasta i ngréasáin damhán alla, is ann atá an fón.
Fágaim doras trom an tseomra ar faonoscailt: an rud
ba mheasa liom ar domhan ná cloisfinn an fón ag glaoch.
Samhlaím tú ag tiomáint. Píobán do shean-Mhazda bháin
ag baint deataigh as na bealaí a shiúladh Raiftearaí tráth
a bhíodh luach ar dhán; do mhuince Bhúdaíoch adhmaid
timpeall do bhrád, muince na n-ocht mbrón is céad
ó Theampall Poyhon na Cóiré Thuaidh; do mhéireanta
fada leabhra ar an stiúir; do shúile ag gáire le goirme
na mBeanna Beola. Samhlaím tú ag aithris os ard
ŒCast a cold eye’ is ag gabháil ansan thar uaigh Yeats
mar an horseman sa véarsa. Is samhlaím tú ag stopadh
tamall ar bhruach Loch Iascaigh i nDún na nGall
mar ar luíomar lá inár n-aonchorp nocht faoin ngréin,
mé docht mar eascann ionat, deilf do theangan im bhéal.
No. . . an ghaoth ag sianaíl sa bhfuinneog.
Páiste óg ag scréachaíl thíos i Sráid Hamilton.
Seo Bleá Cliath an tseansaoil. Tá leanaí ag rince
faoi rópaí scipeála sa tsráid. Capall ag tarraingt
lán cairte de sheanmhiotal thar bráid. I lár na hoíche
scréachaíl bhoinn na ngluaisteán goidte mar a bheadh
ainmhithe á sá. Caitheann mná gan sos,
bíonn na hallaí Biongó ag cur thar maoil,
bíonn boladh DDT sna siopaí, bruscar sa ghaoith
timpeall ar na Flats is fir óga ar thóir Dé
sa bhiorán. Braithim slán, ag téarnamh dom
ón slaghdán meánaicmeach a luigh ar mo cheann
is ar mo chléibh le stáir mhór ghroí.
Dúirt tú liom uair gur cosa lárach a bhí fút
is chím anois iad os comhair mo shúl ag princeam
ar na troitheáin is tú ag lúbadh trí na Cruacha Gorma
faoi luas, Michelle Shocked agat ar théip ag gabháil
Œanchorage’ go hard is do ghruaig fhionn le haer
idir an dá fhuinneog thosaigh.
Is samhlaím tú id láir dhonnrua faoi ghealach úr
de rás ar lagtráigh Mhachaire Rabhartaigh
is an tsaoirse sin a shantaigh tú ó aois na hóige
á hanálú agat go haiteasach chugat féin ón aigéan buan.
Anseo sa chathair tá an spéir á leá anuas ar na tithe;
an bháisteach ag saigheadadh i gcoinne an phána.
Tá pé laethanta samhraidh atá fágtha á bhfómharú . . .
An fón . . .
No . . . ní tú. Ní tú.