so einfach

Ein Hang, nein, eine große Fläche,
sanfte Hügel, Aufgewölbtes, ich sehe ein Gefälle,
eine Streckung, ganz ergeben, einen Bogen.
Grün muss alles sein und ein verbindlicher Olivenhain
spendet exquisiten Schatten, selten,
äußerst selten.

Es muss eine weite Mulde sein
mit weichen Übergängen, eine Reling, erdnah,
an der silbrig grüne Fransen wehn, es ist wohl
eine Wiese! Eine Wiese! Dort will ich das Bleiben spürn,
Dass keiner geht und keiner zahlt und hungrig
oder müde wird. Nicht das Murren,
nicht die Sorge, die, das wißt ihr schon,
ein wenig ehrenwerter Dämon ist.
So sind wir nicht, wir haben hier
vermehrtes Brot, Wort, Fische
und Substanzen. Ich sag es gleich:
Wir mögen was Substanzen sind und
was sie tun.

Wie wunderbar, die Fülle hier, die wie das Leben ist
und wie das Wort und besser noch,
doch Jesus Christus sagt es mir
"Du hast längst keine Mitte mehr."
Vielleicht könnten Highheels hilfreich sein
für die Balance, zum Glück, schon kommen die Apostel
Den grünen Hang herab, durchqueren
Den Olivenhain mit einer Auswahl
Stiefeletten.

© M.R.
De: Verzückte Distanzen. Gedichte.
Springe: zu Klampen! Verlag, 2004
ISBN: 3-933156-81-5
Producción de Audio: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

Chomh simplí

Fána, ní hea, aghaidh mhór thalún,
cnoic chaoine nó crochta ard, feicim cam é,
an talamh á shíneadh amach, á chrapadh, coire ann.
Tá gach uile rud glas agus is gá, leis, garraí ológ bheith ann
a thugann dídean faoisimh corruair, fíorchorruair.
Chím log fairsing ann, rian na gcos anseo, ansiúd air,
ráille beag íseal dhá thaobh gach riain
agus tráithníní féir, ribí soilseacha glasairgeadtha ag imeacht sa ghaoth,
nó is páirc í seo, móinéar.   Is toil liom Fanacht
gan duine ag imeacht, gan duine ag íoc, gan ocras nó tuirse
a theacht ar aon duine
ná gearán á dhéanamh, ná buaireamh
óir sin diabhal nach dtuilleann aird.
Ach a mhalairt de chaoi bheith orainn, óir tá againne
builíní míorúilte le roinnt, an Briathar, éisc
agus substaintí.   Admhaím glan amach é –
is maith linn a bhfuil i substaintí
agus a dtionchar orainn.

Nach iontach é an fhlúirse anseo, samhail den Bheatha
agus é de réir an Bhriathair ach níos fearr arís.
Deir Íosa Críost liom
“lár níl agat a thuilleadh ná ní raibh le fada”.
Sílim gur dheas a d’oirfeadh sálta arda le mé a iompar
agus féach – nach binn mar a tharlaíonn –
tagann na haspail de chosa in airde síos an fána
trasna gharraí na n-ológ
agus péire biorach buataisíní acu dom.

Translated by Gréagóir Ó Dúill