Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Grasse Matinée
Idioma: irlandés
Traducciones:
alemán (Grasse Matinée)
Grasse Matinée
Íosfaimid oráistí ar ball
Ólfaimid caifé te dubh
ach níl aon deabhadh.
Óir is mór an feall
'bheith ag brostú
Íosfaimid oráistí ar ball.
Druid liom anall
- ní gá an gríosú -
ach níl aon deabhadh.
Póg mo bhéal go mall,
blais díom, a rún,
íosfaimid oráistí ar ball.
Cuimil do láimh dem' chabhail
- tá dúil sa tsúil -
ach níl aon deabhadh.
Fan socair, fan teann,
mo ghrá go daingean thú,
íosfaimid oráistí ar ball,
ach níl aon deabhadh.