Michael Davitt
Deora do Mheiriceá
deoir don deoraí caol
dubh a tháinig i dtír
fuair leaba na hoíche
cóiriú gan chaoile
d'éirigh ó thalamh
urlár
ar
urlár
shlog glan an domhan tiar
shlog glan an domhan toir
& d'at d'at d'at
.com
deoir don Rí 'chroith
a chromáin & chuir
cailíní fadsciortacha
sna trithí
nó gur phléasc
na burgers trína
ionathaR
amach
deoir do Bhanríon na finne
na gile
na gcuar
Bandia an scáileáin mhóir
leannán na n-uachtarán
'leáigh isteach sa tsíoraíocht
i gceo
piollaí
deoir do UNCLE SAM
d'éalaigh as Rehab
d'ól a raibh de Jack Daniels
i Mr Bojangles
núiceáil an tSeapáin
dhein dúirling de Pyong Yang
chaith
ceathanna
neipeam
ar Vít Neam
bhuam
bhuam
bhuamáil
an Iaráic
an Iúgsláiv
an Afganastáin
deoir do Coca Cola
'cuir a lámh ghréiseach
i bpóca tóna
ár Levi's á rá
DietCokeSiree
gan ann ach uisce &
aspartame
deoir doHeinz & do Nike
trádálaithe trasdomhanda
'bhéic freedom os ard
i gcogar bhéic SAINT
& a dheoraí na ndeor
a dheartháir
ag ar fágadh
rogha an dá dhíogha
loscadh
nó léimt
as urlár 22
léimeann
t
ú
fiolar gan eite
a
g
t
i
t
i
m
go talamh .z e r o