Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Deireadh na Feide
Deireadh na Feide
Inniu féin
is cuimhin le muintir Aas
go mbíodh teanga
á feadaíl
ages na haoirí
fadó
fead a ghabh
bealach fuaime an ghleanna
idir féarach is sráidbhaile
fead a d'iompair
nuacht an lae
idir aoirí
agus na mná a d'oibrigh
sna goirt máguaird,
feadaíl nach dtuigtí
lasmuigh den bparóiste.
Nuair a tháinig na Naitsithe
choimeád an feadaíl
Giúdaigh slán ó chontúirt,
chuir scéalta an Résistance
ó bhéal go béal faoi rún,
chabhraigh le píolótaí ‘bhí imithe amú
teorainn na Spáinne a aimsiú.
Níor chualathas ó shin í.
Maireann sí i gcuimhne na ndaoine,
an teanga feadaíola seo,
ach níl ar chumas éinne
na fuaimeanna a aithris.
Níor deineadh aon taifead.