Greágóir Ó Dúill 
Translator

on Lyrikline: 6 poems translated

from: german to: irish

Original

Translation

der letzte tag im süden

german | Monika Rinck

wir werden dir ein mittel spritzen
an diese bank im ferienhaus fixiert
sieh mal hier, wie deine stirne leuchtet
o - der schläfen glanz im stillen
widerschein des weißen lampenschirms
wie schön du bist, wie gut und
unvermutet ist das licht
durch deine adern läuft ein schimmer
und in der dunklen kammer nistet
radium - deine kleine grüne angst.

überall, bei allen anderen, regen sich visionen
doch nicht bei dir. bei dir ist alles
klar und scharf zu sehn, die ettiketten, die kakteen.
alles da im broken glass der letzten nacht
die figurinen des begehrens, die zarten schäume
hier hat der liebe herrgott selbst mit seiner zunge
dir die deinige gelöst, du sprichst, wie schön
vom pharmakon, vom wedeln der platanen
und vor der türe stehn sie schon,
die schuhe die wir haben,
die säcke mit dem müll und der passat.

© M.R.
from: Verzückte Distanzen. Gedichte.
Springe: zu Klampen! Verlag , 2004
ISBN: 3-933156-81-5
Audio production: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

Lá deireanach na Saoire sa Deisceart

irish

Ní chorraíonn tú den bhinse anseo sa teach saoire

féach, lonraíonn do cheannaithe, d’éadan

soilsíonn d’aghaidh faoi sholas scáth bhán an lampa

nach tú atá álainn, foirfe, nach

gan coinne an solas agus cuisle lonrach ag imeacht i d’fhéitheacha istigh

agus i seomra dorcha ghrianghraf na cuimhne

neadaíonn an radium ina ábhar beag glas eagla.



Corraíonn éiginnteachtaí na doiléire thart timpeall an chuid eile

ach tusa, tá tú glan, d’imlíne chinnte, gach rud le léamh

soiléir, lipéad, cactas, gach uile rud

le léamh ar broken glass na hoíche aréir

ar gach dealbh den dúíl, ar an chúr chaoin

a tháinig de theanga dhil an tiarna dia,

féach do cheann-sa, labhraíonn tú, nach álainn

faoin pharmakon, faoi luascadh na gcrann plána

agus cheanaféin tá cruinn fán doras tosaigh

ár mbróga siúil, na málaí bruscair,

an volkswagen.

Translated by Gréagóir Ó Dúill

teich

german | Monika Rinck

sagt er: das leid ist ein teich.
sag ich: ja, das leid ist ein teich.
weil das leid von fischen durchschossen
in einer mulde liegt und faulig riecht.
sagt er: und die schuld ist ein teich.
sag ich: ja, die schuld auch teich.
weil die schuld in einer senke schwappt
und mir bei hochgerecktem arm bereits
zur aufgedehnten achselhöhle reicht.
sagt er: die lüge ist ein teich.
sag ich: ja die lüge ebenso teich.
weil man im sommer des nachts
am ufer der lüge picknicken kann
und immer dort etwas vergißt.

© M.R.
from: Verzückte Distanzen. Gedichte.
Springe: zu Klampen! Verlag, 2004
ISBN: 3-933156-81-5
Audio production: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

Loch

irish

Arsa seisean is loch an brón
Arsa mise sea. is loch an brón,
luíonn an loch sa choire,
éisc ann tríd, boladh bréan air.
Arsa seisean is loch an locht.
Arsa mise sea, is loch an locht,
óir bíonn an locht ag luascadh sa pholl,
suas go dtí mo dhá ascaill oscailte,
mo lámha in airde agam.
Arsa seisean is loch an bhréag.
Arsa mise sea, is loch an bhréag gan amhras
óir déanaimid picnic tráthnóna samhraidh
ar bhruach na bréige
agus crothnaímid uainn dá éis ar fhágamar inár ndiaidh.

Translated by Gréagóir Ó Dúill

so einfach

german | Monika Rinck

Ein Hang, nein, eine große Fläche,
sanfte Hügel, Aufgewölbtes, ich sehe ein Gefälle,
eine Streckung, ganz ergeben, einen Bogen.
Grün muss alles sein und ein verbindlicher Olivenhain
spendet exquisiten Schatten, selten,
äußerst selten.

Es muss eine weite Mulde sein
mit weichen Übergängen, eine Reling, erdnah,
an der silbrig grüne Fransen wehn, es ist wohl
eine Wiese! Eine Wiese! Dort will ich das Bleiben spürn,
Dass keiner geht und keiner zahlt und hungrig
oder müde wird. Nicht das Murren,
nicht die Sorge, die, das wißt ihr schon,
ein wenig ehrenwerter Dämon ist.
So sind wir nicht, wir haben hier
vermehrtes Brot, Wort, Fische
und Substanzen. Ich sag es gleich:
Wir mögen was Substanzen sind und
was sie tun.

Wie wunderbar, die Fülle hier, die wie das Leben ist
und wie das Wort und besser noch,
doch Jesus Christus sagt es mir
"Du hast längst keine Mitte mehr."
Vielleicht könnten Highheels hilfreich sein
für die Balance, zum Glück, schon kommen die Apostel
Den grünen Hang herab, durchqueren
Den Olivenhain mit einer Auswahl
Stiefeletten.

© M.R.
from: Verzückte Distanzen. Gedichte.
Springe: zu Klampen! Verlag, 2004
ISBN: 3-933156-81-5
Audio production: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

Chomh simplí

irish

Fána, ní hea, aghaidh mhór thalún,
cnoic chaoine nó crochta ard, feicim cam é,
an talamh á shíneadh amach, á chrapadh, coire ann.
Tá gach uile rud glas agus is gá, leis, garraí ológ bheith ann
a thugann dídean faoisimh corruair, fíorchorruair.
Chím log fairsing ann, rian na gcos anseo, ansiúd air,
ráille beag íseal dhá thaobh gach riain
agus tráithníní féir, ribí soilseacha glasairgeadtha ag imeacht sa ghaoth,
nó is páirc í seo, móinéar.   Is toil liom Fanacht
gan duine ag imeacht, gan duine ag íoc, gan ocras nó tuirse
a theacht ar aon duine
ná gearán á dhéanamh, ná buaireamh
óir sin diabhal nach dtuilleann aird.
Ach a mhalairt de chaoi bheith orainn, óir tá againne
builíní míorúilte le roinnt, an Briathar, éisc
agus substaintí.   Admhaím glan amach é –
is maith linn a bhfuil i substaintí
agus a dtionchar orainn.

Nach iontach é an fhlúirse anseo, samhail den Bheatha
agus é de réir an Bhriathair ach níos fearr arís.
Deir Íosa Críost liom
“lár níl agat a thuilleadh ná ní raibh le fada”.
Sílim gur dheas a d’oirfeadh sálta arda le mé a iompar
agus féach – nach binn mar a tharlaíonn –
tagann na haspail de chosa in airde síos an fána
trasna gharraí na n-ológ
agus péire biorach buataisíní acu dom.

Translated by Gréagóir Ó Dúill

la defense

german | Monika Rinck

es sind nur wenige grad, vielleicht fünf
oder sieben, um die erhöht die glühende stadt
in semantischer drift, haitisch, ein tunis vielleicht,
in richtung äquator davontreibt, die wärme,

die verzweiflung, mein liebling, ich sehe,
wie der riemen, das glück, diese tasche,
dir in die schulter, die weiße, hineingeht,
hell, und niemals ganz trocken, ein streifen

am glücklichen himmel, so hoch oder höher,
verteidigen achsen das hohe gegen das weite
schneiden sie wege in das gequerte, senken
den hysterischen steg weit in die vorstadt

man fühlt die verzweiflung, man fühlt
was die glücklichen fühlen, es füllt sich
das forum, das große, noch größer,
mit menschen, der aufzug, die achsen

des kreislaufs, gerichtet, zum himmel,
zur wölbung, die quere, indes fahren die
freunde im gemieteten auto den zubringer
in einer nicht glücklichen richtung hinauf

denn die freunde sind wie die gefühle
gesteigert, sind wie die erwartung, sind
dialektische temperaturen, unterscheiden
zwischen glück und verzweiflung nicht mehr.

© M.R.
from: Verzückte Distanzen. Gedichte.
Springe: zu Klampen! Verlag, 2004
ISBN: 3-933156-81-5
Audio production: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

la defense

irish

beag athrú ar an scála, cúig chéim
nó seacht, ach tá an chathair scallta te ag lúbarnaigh
ar imirce iarnua-aoiseach trasna Cancer
i dtreo na meánlíne – haiti, b’fhéidir, túinis
bolgann sé faoin teas, líonann an t-éadóchas
a ghrá, chím an maide rámha ag neadú ar do ghualainn,
strapa an mhála agus an sonas ar do ghualainn,
an t-allas ag teacht de shíor gan triomú
tá stríoca sona sa spéir, thuas go hard
ina dhíon ar an ollmhéid bhagrach;
gluaiseann an duine ar eangach na gconaireacha ina líonrith,
éalaíonn ón scáil go histéireach go bruachbhaile
Nódaíónn an duairceas fán chroí,
gearrann an t-amhras isteach ar an tsonas,
tá mórshlua den éadóchas ag cruinniú i bhfóram mór na cearnóige
faoin stua sin a ghobann in airde spéire.
Imeacht faoi mhiondaoine,
na cairde sa charr ar cíos ag tiomáint na dtaobhshráideanna
ar bhealach nach sona
In airde leis na cairde, athrú ar scála na mothúchán,
dian anois, gan fréimh, gan ceangail,
gan aird ar choisíocht an tsonais, an éadóchais

Translated by Gréagóir Ó Dúill

es war vorbei

german | Monika Rinck

es war vorbei – der sommer war es sicherlich
die sonne kannte nur noch gegensätze
und wo sie fort war war sie fort.
ab sonntag deutlich kühler, aber
jetzt noch nicht – was für ein licht
das uns verlängerte und die fassaden
in den rechten winkel brachte, harte schatten
geometrisches – ein enggeschnürtes päckchen
war die summe dieses sommers – warte doch
herr doktor benn fegt eben noch
die fetten rosen hin –

© M.R.
from: Verzückte Distanzen. Gedichte.
Springe: zu Klampen! Verlag, 2004
ISBN: 3-933156-81-5
Audio production: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

B'shin é

irish

B'shin é, b'shin a raibh ann, b'shin deireadh an tsamhraidh gan amhras:
ní thuigeann an ghrian aon idir eatarthu
is nuair a tá sí imithe, tá réitithe glan is ní hann a thuilleadh di.

Ón Domhnach s'chugainn beidh fionnuaire ins an aer nár tháinig fós i dtír,
gaethe an tsolais sonraitheach fada anois, ár ndéanamh ard,
ag cur claochló ar aghaidh na dtithe, soiléir, glé.

Gach líne snoite, crochann a scáil dhílis féin aisti
ag cur dlúthchruas i gcrot gach tí.

Ceangail néata ar bheart an tsamhraidh, don tseilf, don taisceadán.

Ach fan nóiméid
tá an dochtúir Benn ag scuabadh tonn de rósanna ramhra ar shiúl.

Translated by Gréagóir Ó Dúill

tour de trance

german | Monika Rinck

wie sich alles drehte, wiederholte, dehnte,
und rotierte, die wärme war a space so vast,
so katastrophisch groß, war sie arena
worin die trümmer von objekten trieben,
wilde schläge in der ferne, keiner hörte,
jeder fühlte, die wellen der erschütterung.
wo etwas fehlte, wurde alles größer,
drehte sich, rotierte, kam in's schlingern
und blieb dann in der mitte liegen.
die müdigkeit war eine kur, das gewicht
der atmosphäre, halluzinogene leere
federte, es drehte sich jetzt weniger
als wären die schläge, in dem was sie sind
gegenstand der verdünnung, als würde
die zeit, der reißende raum, präzise und
zärtlich vergiftet, in ihrem gewebe stiege
die chemische schwäche, es schäumte,
erstickte, das weiße lager der krusten,
das sich formierte, wird reicher und toxisch
verrauschten die schläge, es dreht sich,
dreht sich unmerklich, und steht.

© 2007 kookbooks, Idstein
from: Zum Fernbleiben der Umarmung
Berlin: kookbooks, 2007
Audio production: Literaturwerkstatt Berlin, 2004

tour de trance

irish

Thart timpeall, timpeall arís thart timpeall
d'imigh an roth thart timpeall agus shín sa chúrsa
i bhfad ag síneadh amach sa teas sin,
te, chomh te, mór marbh millteach ollthubaisteach
in airéine mhór an teasa
agus ballóga na bhfothrach scaipthe ann thart timpeall
ó bualadh ann an tubaiste sin de thonnchrith ba léir do chách..

D'at an poll, d'at a raibh ann sa scáileán, chas thart timpeall,
rothlaigh, luasc ó thaobh go taobh,
thit ar a thaobh sa lár, is d´fhan.

Bronntanas anuas an tuirse, íocshláinte, ortha na tuirse,
an t-aer trom tuirseach tuirsiúil cortha
a bhfuil poll ann beo le fantaisí
tagann moill go mall ar imeacht na gcos,
tá rithim na dtroigh ar throightheán ag dul i laghad.
Buann éifeacht an chogúis go ciúin cinnte
ar mhire an ama, ar an spás fhiáin,
caitheann fáinne fí an timpill tanaí
agus leathann béal an fholúis.

Tagann cúr ar an bhéal sin, plúchann sé, atann, ramhraíonn sé,
líonann blas na nimhe
téann na buillí i laghad
i léig,
casann an roth thart uair eile gan muid in ann a fheiceáil
fanann ina sheasamh.

Translated by Gréagóir Ó Dúill