Na Murúcha a Thriomaigh

Ar an gcarraig lom seo ar a gcuireann siad isteach
an t-am de ló is an ngainní á dtriomú acu
tagann galair cnis mar oighear is gríosach orthu
is codladh grifín ón mbríos gaoithe is fiú ón leoithne,
rud nár thaithíodar as a n-óige is nár chleachtadar riamh
ar na bánta íochtaracha, iad ag iomrascáil is ag déanamh
gleacaíochta leis na leanaí ríoga. Dar leo tá goin na ré
gach pioc chomh holc leis an ngréin á mbualadh;
gorm a bhíonn siad i ndiaidh goin na gealaí
is buí i ndiaidh an ghrian á leagadh.

Nuair a thagann an rua orthu is go méadaíonn an braon
ins na harasaipil níl luibh ná leigheas a thabharfaidh
aon chabhair mura bpiocfá cúpla rúta de mheacan
an táthabha. Caitear é seo a bhaint i gcónaí
i dtaobh thall den abhainn is é a ullmhú
de dhroim uisce, chun ná geobhaidh an phiast bhaineann
a bholadh is ná neadóidh níos doimhne istigh
idir coirt is craiceann, idir feoil is leathar.
Deintear céirín ansan dó a thairrigíonn an nimh.

Caitheann na mná muincí troma thart faoina muineál
is na fearaibh ceirteacha dearga
nó rud ar bith a chlúdódh rian na sceolbhach.
Deireann an dochtúir liom go bhfuil an sine siain
ar lár ina lán acu. Caitear an ribe tuathail
i mbarr a gceann a stoitheadh nó é a chuimilt go maith
le céir sara gcnagfaidh sí seo thar n-ais iontu.
‚An gcualaís an cnag?', a fhiafraíonn sé dóibh
nuair a tharlaíonn an leigheas. Tá dearmhad glan déanta acu
faoin am seo ar shuathadh mearathail na gcaisí doimhne
is ar chlaisceadal na míol mór sa duibheagán.
Uair má seach airíonn siad fós é ag sioscadh
ar an ngaoith is tugann siad Port na bPúcaí air.
Cuireann siad fíor na croise idir iad agus é.

Sánn siad an fonn an ghabhann leis i gcúl an choicís
nó i bhfolach i bpoll sa chlaí i dteannta
lomadh na gruaige is bearradh na hingne,
an ionga úd a fuaireadar ón lia súl
is na spéaclaí nár chuireadar ariamh orthu.
Tá sé ag lobhadh ansan i gcónaí i dteannta
ceirteacha na gcneathacha, a fhuil mhíosúil
is náireach leo, a meabhraíonn dóibh is a chuireann
in iúl an slabar is an glóthach tiubh
dár díobh iad. Ní fhreagraíonn siad d'éinne
a ghlaonn as a n-ainm is as a sloinne orthu
ó théann an ghrian ina luí. Tá sé suite meáite
is go daingean i gceann gach uile dhuine acu
gurb ionann freagairt do ghlaoch shaolta
nó do ghlaoch síoraí.

Ní shínfeadh fear ná bean acu ar shúisín
ná ar leaba go mbeadh a gcosa sínte i dtreo na tine.
Dar leo gur cóiriú an duine mhairbh é sin.
Ní maith leo cloch a thabhairt isteach
'on tigh Dé Luain. Dá dtabharfadh leanbh
leis isteach i dteach í do chuirfí iachaill air
í a chaitheamh amach arís. Tá cur ina coinne acu.
Fágann na rabhartaí earraigh a rianta fós
ar chlathacha cosanta a n-aigne; gach tonnchosc díobh
ina ghlib ag bruth farraige is ag brúscar raice -
focail a scuabtar isteach mar a bheadh carabháin charraige
ar líne bharra taoide nuair a bhuaileann an ré roithleacáin
aimsir ré an tSathairn, focail a thugann scáil
na seanré fós leo, focail ar nós
‚más reamhar, com seang, meanmain uallaigh.'

© Nuala Ni Dhmonaill
From: An Dealg Droighinn
Dublin: The Mercier Press, 1981

Inebriation

You grew up with the apostles among boats and
nets. You attended the wedding of Canaan with them
and drank the miraculous wine, marianted in the candles’ euphoria
that poisoned the ambience. (It had been a war. The wine
and the blood tasted the same.) Also, you
played with angels: those who fly around in the air
and those who are just shadows of the dead.

Translated by Marlon Fick