piran

im nachbarhaus ist ein kommen und gehen,
mich aber hält der spindelbaum von den blicken fern.
durch den verwachsenen garten führen nur
pfade für katzen, kröten und schnecken.
laut schüttelt das meer den gestanksmantel ab.
auf meinem schreibtisch üben
erdachte personen den fehlenden dialog.
ich sitze da, wie am grund einer alten verstörung.
presse luft in die gedächtniszellen,
um sie lebendig zu halten, gehe abends
über die piazza tartini und komme
morgens mit frischen melonen vom markt.
zweimal die woche schaut frida vorbei.
warum heiraten sie nicht, ruft sie aus den sträuchern,
immer noch besser, als einsam zu sein.
heute  wird eine kröte die warzen verlieren,
weil ich sie küsse, sage ich.
da möcht` ich trauzeugin sein, liebe dichterin.
wieder fällt eine tür ins schloß.

© Maja Haderlap
From: langer transit. Gedichte
Göttingen: Wallstein Verlag, 2014
ISBN: 978-3-8353-1378-1
Audio production: 2004, M.Mechner / Literaturwerkstatt Berlin

Baile Cois Trá - Duilleoga Dialainne

Tá triall ar theach na gcomharsan, fir agus mná mhailíseacha,
isteach is amach i dtráth is in antráth.  Coinníonn an crann
craobhach seo cosaint bheo liom ó gach béim súl a chaitear
i mo threo.  Tá an gáirdín imithe fiáin le fiailí, scrobarnach
ar fud na slí, ceapa na mbláth ina chascoill dheilgneach.
Tchím rian taise tseilide ar fud na háite.  Tá sean-chat ribeach
ag siúl timpeall, cráite ag na gearbóga ocrais
atá ag cur tochais ann.  Ón trá tá boladh trom séarachais
ag éirí chugam ó chladach na n-eangach.
Tá mé 'mo shuí anseo sa chiúnas scaitheamh,
ag tabhairt neacha nach maireann chun solais,
á dtoghairm le mo dhán -tá siad lán dóláis.

Le coim na hoíche siúlfaidh mé trasna na cearnóige
chuig caifé uaigneach i gCaolshlí na Fearnóige.
Ar maidin pillfidh mé arís le mealbhacán milis
ó mhargadh na sráide.  Tá Frida an-dhílis, cúpla uair
in aghaidh na seachtaine tig sí chugam ar cuairt.
'Cad chuige nach bpósann tú a chroí?', arsa sise
go himpíoch, 'Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas.'
Tá sí ar mhaithe le mo leas i gcónaí.

Piocfaidh mé suas an sean-chat giobach,
má phógaim an cat seo, a déarfad go gealgháireach,
is cinnte go gcaillfidh sé a chuid gearbóga gránna.
Inniu tá léas buile ha héigse 'mo phógadh,
b'fhéidir go ndéanfaí fear álainn den chat fiú.
Má tharlaíonn sé sin ligfidh mé liú in ard mo chinn
is mo ghutha a bhrisfidh na fuinneoga
ar theach na gcomharsan.  Smearfaidh mé iad le mo phóga.
Tá mé 'mo shuí anseo faoi chrann craobhach.
Osclaím doras glas mo dháin do gach neach.

Translated by Cathal Ó Searcaigh