Gabriel Rosenstock
Farrera [1-3]
Language: irish
Translations:
english (Farrera [1-3]), german (Farrera [1-3])
Farrera [1-3]
A gunsaku [haiku sequence]
1. gaotha ag éag –
cosán sléibhe tréigthe
’dtí an seanséipéal
2. timpeallaithe
ag cama an ime –
nach stuama é an capall
3. gile Aibreáin
deireadh an tsneachta
á fhógairt ag an bhfiach
written in the Catalonian Pyrenees, April 2003