Nuala Ní Dhomhnaill
Cuimhne an Uisce
Cuimhne an Uisce
Uaireanta nuair a bhíonn a hiníon
sa seomra folctha
ag glanadh a fiacla le slaod tiubh
is le sód bácála,
tuigtear di go líonann an seomra suas
le huisce.
Tosnaíonn sé ag a cosa is a rúitíní
is bíonn sé ag slibearáil suas is suas arís
thar a másaí is a cromáin is a básta.
Ní fada
go mbíonn sé suas go dtí na hioscadaí uirthi.
Cromann sí síos ann go minic ag piocadh suas
rudaí mar thuáillí láimhe no ceirteacha
atá ar maos ann.
Tá cuma na feamnaí orthu -
na scothóga fada ceilpe úd a dtugaidís
‚gruaig mhaighdean mhara' nó ‚eireabaill mhadraí rua' orthu.
Ansan go hobann téann an t-uisce i ndísc
is ní fada
go mbíonn an seomra iomlán tirim arís.
Tá strus uafásach
ag roinnt leis na mothúcháin seo go léir.
Tar éis an tsaoil, níl rud ar bith aici
chun comparáid a dhéanamh leis.
Is níl na focail chearta ar eolas aici ar chor a bith.
Ag a seisiún siceotheireapach seachtainiúil
bíonn a dóthain dua aici
ag iarraidh an scéal aisteach seo a mhíniú
is é a chur in iúl i gceart
don mheabhairdhochtúir.
Níl aon téarmaíocht aici,
ná téarmaí tagartha
ná focal ar bith a thabharfadh an tuairim is lú
do cad é 'uisce'.
'Lacht trédhearcach,' a deir sí, ag déanamh a cruinndíchill.
'Sea' a deirann an teireapaí, 'coinnibh ort!'
Bíonn sé á moladh is á gríosadh chun gnímh teangan.
Deineann sí iarracht eile.
'Slaod tanaí', a thugann sí air,
í ag tóraíocht go cúramach i measc na bhfocal.
'Brat gléineach, ábhar silteach, rud fliuch.'