Nuala Ní Dhomhnaill
An Chaor Aduaidh
Language: irish
Translations:
german (Das Nordlicht)
An Chaor Aduaidh
An chaor aduaidh:-
olagón bog binn na cruinne
ag casadh ar a fearsaid;
sioscadh na gaoithe grianda
os cionn folús na duibheagáin;
dán mascalach an domhain, a phaidir gheal,
ag soilsiú an mhaighnéadasféir.
Titeann bréithre na teangan domhanda seo
chun talaimh ceann ar cheann,
ina néalta bána is uaithne,
ar nós cuirtíní.