Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Athchúrsáil
Language: irish
Translations:
german (Recycling)
Athchúrsáil
Ag siúl dom lá
stopas go pointeáilte
ag ionad athchúrsála
m’éadaí
bhaineas díom
is do chaith
san árthach iad
mo chraiceann,
scaoileas díom,
sraith bhán, gan úsáide,
mo chnámha,
do bhriseas
ina mionphíosaí
d’fhonn a mbrú
tríd an bpoillín
mo chuid orgán
- croí san áireamh -
dhein díobh
brúitín blasta
Ní ar son caomhnú,
an dtuigeann tú
ach ath-mhúnlú
go ndéanfar díom
bábóg shimplí
go snasta.