Michael Davitt
Tráthnóna Fliuch Domhnaigh
Sprache: irisch
Übersetzungen:
deutsch (Nasser Sonntagnachmittag)
Tráthnóna Fliuch Domhnaigh
Is cuma cá raghair
gheobhaidh tú tráthnóna
fliuch Domhnaigh den tsaghas
a thugadh ort do shrón
a bhrú suas i gcoinne na fuinneoige cúil
id gharsún,
mar fhínné súl
ar tharlúint léanmhar éigin
nár tharla ach a d’fhéadfadh tarlúint.
Chuireadar an clog siar aréir.
Tráthnóna inniu
tá deatach ag na simnéithe,
tá an saol ina chuirtín iompaithe
taobh tuathail amach,
tá hiraeth san aer,
bhraithfeá an oíche
ag bagairt ó mhaidin
mar a bheadh scáil luath an Luain.
D’fhéadfá bheith
id aonar sa domhan
gan aon áit
le dul
is fuílleach ama agat
le dul ann.