Ailbhe Ní Ghearbhuigh
St. Nick's
Sprache: irisch
Übersetzungen:
deutsch (St. Nick’s)
St. Nick's
Club Snagcheoil, Sr. 149ú agus Ascaill San Nioclás, Nua Eabhrac
Dorcha is dearg
in íoslach St. Nick's,
dearg is dorcha.
Mheallfadh an ceol seo
aon anam naofa
ag gabháil thar bráid,
San Éidin uirbeach laistiar
tá an t-aer milis
le deatach is cogarnaíl,
Cuireann dordgháirí
tonnchreathanna suáilce
ag dordán tríot,
Tá scuabanna righne
ag muirniú drumaí,
ag griogadh ciombal,
Tá troimpéad á ardú
chuig béilín fliuch,
dearg is dorcha.