Biddy Jenkinson
Leanbh altrama
Sa dorchadas is peacaí uilig an domhain
dearmadta, do bhlaosc cinn
ina mheall geal faoi mo smig
muid sítheach i ndeireadh lae
geallaim duit
gur chuimhin liom do chnámha cinn
ag tulcadh istigh
do dhá lapa coise mífhoighneacha
ag drumadóireacht
faoi mo bhráid.
Is cuimhin liom
cuntas na laethanta
is mé im luí id shuan
sceo ama tharainn
an saol ag brionglóidigh,
tú féin ag fabhrú
mise ar fara ort
go heiteallach.
Nuair chuirim lámha fá do cheann
á chorónú
seolaim arís thú.
Ní sheoltar naíonán riamh,
tá’s agat; seoltar duine
is fanann rud éigin istigh
le seoladh arís arís eile
le gean,
le doilíos uaireanta,
le grá.
Seolaim anois thú, go socair
ar hob an ghrá
is leanaim thú sa tslánadh
sa chaoi is gur leanaí muid araon
faoi sholas na réalta
is peacaí uilig an domhain
ar neamhní.