Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Filleadh ar an gCathair
Sprache: irisch
Übersetzungen:
deutsch (Rückkehr in die Stadt)
Filleadh ar an gCathair
anocht
ag filleadh dom,
blaisim allas na cathrach
faram
deas liom a taiseacht
preabann an Aimsir Láithreach
gan aire ó gach balla
i mbrothall an tráthnóna.
admhaím go músclaíonn
gás sceite
sceitimíní ionam.
is fíor nach gcítear
luí na gréine
i bhfairsing' spéire:
cacann an oíche
idir fhoirgnimh arda
gan rabhadh
ach lasann soilse neon
cúinní coimhthíocha mo chroí.
lonraíonn scéal ar
aghaidheanna stróinséirí.
Faoiseamh a gheobhadsa
ar mo ghrianán gealaí,
mo chluas le hamhrán tráchta.